Cosán nascleanúna

Tá borradh le teacht ar earnáil na n-aipeanna san Eoraip - 18/02/2014

Fóin chliste ar taispeáint © AE

D'fhéadfaí beagnach 5 mhilliún post agus €63 billiún a chur le geilleagar an AE faoi 2018, de réir staidéir de chuid an AE.

Cheana féin sa mhargadh "aipeanna" - feidhmchláir atá ceaptha do ghléasanna soghluaiste - tá 1 mhilliún forbróir fostaithe agus tá 800 000 duine fostaithe i bpoist mhargaíochta agus tacaíochta san AE. D'fheadfadh sé go méadófaí an líon sin go dtí beagnach 5 mhilliún faoi 2018, de réir tuarascála English a eisíodh le déanaí.

Tá earnáil aipeanna an AE ag tabhairt isteach €17.5 billiún in aghaidh na bliana faoi láthair. Má leanann caiteachas na dtomhaltóirí mar aon le hobair fógraíochta agus chonartha de mhéadú, d'fhéadfadh na hioncaim bhliantúla méadú go dtí €63 billiún faoi cheann cúig bliana eile.

Aghaidh a thabhairt ar an nganntanas scileanna

D'ainneoin gur ceannaire domhanda é an AE i bhforbairt aipchluichí, tá sé fós chun deiridh ar na Stáit Aontaithe ó thaobh oiliúna forbróirí agus tuarastal de.

Le aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb tá an AE i gcomhpháirtíocht le lucht tionscail agus eagraíochtaí eile sa Chomhghuaillíocht Mhór um Phoist Dhigiteacha English. Is é an sprioc na scileanna cearta TF a thabhairt do níos mó daoine - daoine óga go háirithe - chun an líon méadaitheach folúntas TF ar fud an AE a líonadh.

Lainseáil an AE an suíomh gréasáin Open Education Europa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska ar ar féidir le mic léinn, gairmithe agus institiúidí oideachais acmhainní oideachais oscailte atá saor in aisce a chomhroinnt.

Tuislí teicniúla

Le go n-éireoidh leis an AE chomh geal agus is féidir in earnáil na n-aipeanna, ní mór roinnt laigí a leigheas. Ar na laigí sin tá nascthacht raidió bhocht, fadhbanna nascthachta trasteorann agus sriantaí ar sheirbhísí gréasán i mBallstáit áirithe.

Is cúis imní d'fhorbróirí AE freisin é an ganntanas seirbhísí 4G agus idir-inoibritheachta idir ardáin atá bunaithe sna Stáit Aontaithe amhail Android, iOS agus Facebook. Laghdaítear ioncaim chomh maith i ngeall ar bheith ag brath de facto ar na hardáin sin.

Cabhair do ghnólachtaí AE

A bhuí le breis is 500 milliún tomhaltóir san AE tá deis ollmhór ann do ghnólachtaí agus d'fhorbróirí aipeanna. Tá an AE ag obair chun rialacha an AE maidir le cóipcheart agus ceadúnú a shimpliú chun cuidiú le hidéanna nua a thabhairt chuig an margadh.

Chun fiontraíocht TFC agus gréasáin a chur chun cinn san Eoraip agus chun cuidiú le cuideachtaí bheith faoi rath, lainseáil an AE Startup Europe lena dtugtar le chéile fiontraithe óga agus ceannairí margaidh chun idéanna a chomhroinnt agus chun táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt.

Na chéad chéimeanna eile

Tá pleananna á bplé ag Parlaimint na hEorpa faoi láthair le "hIlchríoch Idirnasctha English" a thabhairt isteach. Áirítear leis sin seirbhísí 4G agus leathanbhanda a fheabhsú, atá fíor-riachtanach do thodhchaí earnáil AE na n-aipeanna.

Preaseisiúint - Borradh €63 billiún in earnáil na n-aipeanna DeutschEnglishfrançais

Startup Europe English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links