Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Tá an ghairm is déanaí ón AE ar thograí taighde dírithe ar nuáil a spreagadh d'fhás agus do phoist.
Tá tuairim is €8.1bn ar fáil in 2013 do thaighde den scoth – rud atá tábhachtach chun borradh a chur faoin bhfás arís san AE agus an bhearna nuálaíochta
idir an AE agus a phríomhiomaitheoirí trádála, Meiriceá agus an tSeapáin, a líonadh.
Tig le foirne taighde san AE agus ar fud an domhain iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú, agus díreofar ar na réimsí seo a leanas:
Caithfear €1.2bn ar thionscadail atá dírithe ar ghnólachtaí beaga le cuidiú leo nuáil agus fás a dhéanamh, go háirithe óir is iontu a cruthaíodh 85% de na poist nua san AE idir 2002 agus 2010.
Na chéad chéimeanna eile
Foilsíodh formhór na gcuirí ar thairiscintí cistí
ar an 10 Iúil, agus foilseofar tuilleadh níos déanaí.
Is é seo an babhta deireanach de dheontais €55bn i gclár maoinithe taighde reatha an AE idir 2007 agus 2013. Thug na cistí tacaíocht do 19 000 tionscadal taighde agus do thuairim is 55 000 taighdeoir.
Faoi thograí an Choimisiúin don chéad chlár taighde agus nuálaíochta eile, Fís 2020
, d'infheisteofaí €80bn sna 7 mbliana amach romhainn.
Tá maoiniú taighde ag teacht le "haontas nuálaíochta
" an AE – treoirthionscnamh straitéise fáis agus poist a spreagfaidh agus a thapóidh nuálaíocht san Eoraip.
Tuilleadh faoi thaighde agus nuáil ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
Tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar dheontas taighde