Cosán nascleanúna

€7bn ar thaighde ceannródaíoch - 19/07/2011

Eolaí agus samhail ar adaimh © AE

An glaoch is déanaí ón AE ar thograí tionscadail, díríonn sé ar nuáil is ar smaointe nua a chur ar an margadh.

Tá thart ar €7bn ar fáil sa tsraith deontas seo, atá mar chuid den €53bn atá ar fáil tríd an gclár reatha le taighde a mhaoiniú ó 2007 go 2013.

Is féidir le foirne taighde ón AE agus thairis cur isteach ar an maoiniú, atá ag cabhrú leis an Eoraip chun taighde den chéad scoth a fhorbairt agus an bhearna nuála le príomh-iomaitheoirí an AE, SAM is an tSeapáin, a dhúnadh.

Chun eolaíocht is nuáil a fhorbairt, teastaíonn ón AE an caiteachas ar thaighde a mhéadú go 3% an OTI faoi 2020 (ó 2% in 2009). Ach an sprioc sin a bhaint amach, d'fhéadfaí 3.7 milliún post a chruthú agus timpeall €800bn a chur le fás bliantúil.

Fairis sin, tugann an glaoch ar thograí taighde aghaidh ar chuspóirí bheartas an AE um "aontas nuála English ". Tá faoin treoir-thionscnaimh sin de chuid Eoraip 2020 an nuáil san Eoraip a spreagadh agus luas a chur léi, fad is a chealófar bacainní a choscann ar dhea-smaointe nua an margadh a shroicheadh.

Sna deontais taighde, díreofar ar réimsí amhail:

  • aosú folláin gníomhach - le cabhrú le daoine scothaosta d'fhonn beatha ghníomhach neamhspleách a bheith acu sa chéad chomhpháirtíocht Eurpach um nuáil, a thugann taighde poiblí is príobháideach le chéile
  • teicneolaíochtaí na faisnéise is na cumarsáide - bonneagair líonra agus seirbhíse, nana- agus micri-chórais, fótónaic, róbataic, inneachar digiteach, teanga, sláinte agus tíosacht fuinnimh
  • tionscadail chomhoibritheacha idir thaighdeoirí na hEorpa agus cabhrú leo chun fionnachtana a thráchtálú
  • tacú le taighdeoirí - gheobhaidh thart ar 10 000 acu maoiniú trí chlár Marie Curie English , faoina seolfar tionscadal píolótach chun fiontraíocht is comhar a chothú idir ollscoileanna, comhlachtaí taighde agus cuideachtaí príobháideacha
  • dúshláin chomhshaoil - athrú aeráide, caill na bithéagsúlachta, tíosacht acmhainní a bhaint amach
  • bia níos sábháilte is níos folláine - infheistíochtaí i mbith-gheilleagar láidir, chun modhanna táirgeachta a fheabhsú
  • nanaitheicneolaíochtaí - taighde ar iompraíocht cáithníní ag leibhéal na n-adamh is na móilíní, a d'fhéadfadh tarraingt ar chineálacha nua monarchana, ar charranna níos glaise is ar fhoirgnimh a bheidh níos tíosaí ar fhuinneamh
  • iompar agus soghluaisteacht a bheidh níos glaine, níos sábháilte agus níos éifeachtaí

Thart ar 16 000 faighteoir, gheobhaidh siad deontais do thionscadail taighde i mbliana. Úsáidfear timpeall €1bn ar chabhair nuála do ghnóthais bheaga is mheánmhéide.

Fairis sin, beidh duais nua do mhná nuálacha English ar maoiníodh a saothar trí an gclár maoinithe taighde.

Foilseofar formhór na gcuirí chun cur isteach ar mhaoiniú English an 20 Iúil.

Breis ar thaighde is ar nuáil българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Breis ar aontas na nuála English

Teacht ar bhreis eolais agus cur isteach ar dheontas taighde English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links