Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

"Turraing an bhille" ó fhánaíocht fón póca san AE, le teacht chun deiridh, b'fhéidir, a bhuí le bearta chun an margadh a dhéanamh níos iomaíche.
Tá faoi rialacha nua ![]()
atá molta d'oibreoirí fón póca na hEorpa costais na fánaíochta a ísliú go mór.
Chabhródh sé sin chun an sprioc 2015, a shocraigh clár digiteach an AE do mhargadh cumarsáide gan uaim, a bhaint amach - sin, na difríochtaí móra idir tháillí fánaíochta agus táillí sa bhaile a dhíothú.
Tugann an togra aghaidh ar bhunfháth na gcostas ard fánaíochta - an easpa iomaíochais - tríd an margadh a oscailt do bhreis oibreoirí agus trí rogha níos leithne a thabhairt do thomhaltóirí.
"Fairis sin, d'ísleodh sé láithreach costais na fánaíochta sonraí, mar a mbíonn brabús ainspianta ag oibreoirí faoi láthair," arsa Coimisinéir an chláir dhigitigh Neelie Kroes.
Sna rialacha chuirfí iallach ar oibreoirí baile rochtain a thabhairt do sholáthróirí eile ar a líonraí ar phraghsanna mórdhíola rialaithe.
Bheadh tomhaltóirí in ann athrú óna n-oibreoir baile go soláthróir fánaíochta eile. Athrú uathoibreach a bheadh ann - gan athrú ar uimhir ghutháin nó ar chárta SIM.
Uasteorainn ar chostas sonraí
Rochtain níos fusa agus rogha mhéadaithe, chothódh sé sin iomaíochas is d'ísleodh costais, ach ghlacfadh sé am.
Idir an dá linn, laghdódh uasteorainn ar fhánaíocht sonraí na táillí go 90 ceint an meigeabeart (MB) ó Iúil 2012, agus go 50 ceint faoi Iúil 2014.
In 2010 d'íoc tomhaltóirí €1.06 an MB ar an meán chun sonraí a íoslódáil i dtír eile san AE, agus praghsanna chomh hard le €12 an MB i gcásanna áirithe.
Comhlánaíonn an uasteorainn sonraí ceann atá ann cheana do ghlaonna is d'fhánaíocht téacs - 35 ceint an nóiméad ar ghlaonna a deineadh, agus 11 ceint ar ghlaonna a fuarthas. Tiocfaidh deireadh leis an uasteorainn sin i Meitheamh 2012 agus chuirfí fad leis go lár 2016.
Leanfadh cosaint na dtomhaltóirí ar "thurraing billí", rud a theorainníonn táillí agus daoine thar lear go €50 murar thoiligh siad go sainráite do leibhéal éagsúil.
Uasteorainn ar phraghsanna mórdhíola - na táillí a ghearrann oibreoirí nuair a úsáideann oibreoirí eile a líonraí - d'fhanfadh sí mar atá go 2022.
Measann an Coimisiún go spreagfaidh na rialacha tairiscintí nuálacha trasteorann agus praghsanna a bheidh i bhfad faoi bhun na n-uasteorainneacha.
Na chéad chéimeanna eile
Anois cuirfear an togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus railtais an AE.