Cosán nascleanúna

Lógó aontas na nuála © AE

Nochtadh pleananna le maoiniú AE do thaighde a nuachóiriú chun nuáil a spreagadh, a tionchar geilleagrach a mhéadú, rannpháirtíocht taighdeoirí a éascú agus luach feabhsaithe a thabhairt do cháiníocóirí

Tá thart ar €143bn á chaitheamh ag an AE sa tréimhse 2007-2013 chun tionscadail taighde is nuála a mhaoiniú. Anois tá an Coimisiún ag ullmhú don chéad bhabhta eile maoiniúcháin - a bhunófar ar thosaíochtaí Aontas na Nuála българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska , ar cuid de straitéis Eoraip 2020 English an AE é chun treisiú le fás is le poist.

I dtograí tosaigh DeutschEnglishfrançais d'athdhíreofaí an maoiniú chuig tionscadail a thugann faoi dhúshláin reatha, amhail sláinte agus daonra ag aosú, athrú aeráide, tairiseacht bia, agus acmhainní nádúrtha á n-ídiú.

Is fearr a chomhordófaí maoiniú ar fud shlabhra na nuála - ó bhuntaighde ar aghaidh chuig táirgí is seribhísí nua a sheoladh ar an margadh.

Bheadh nósanna imeachta is rialacha simplithe a d'éascódh comhar, cur isteach ar, agus úsáid mhaoiniú an AE do thaighdeoirí, do chuideachtaí is d'fhiontraithe. Trí sheiceálacha feidhmíochta dhéanfaí monatóireacht ar thionscadail lena chinntiú go bhfuil airgead na gcáiníocóirí á úsáid go héifeachtúil.

Infheistíocht T&F a mhéadú

Maoiniú an AE a athdhíriú, cabhróidh sé le bearna na nuála idir an AE agus a phríomh-iomaitheoirí, SAM is an tSeapáin, a dhúnadh. Ar fhormhór na dtomhas, tá SAM chun cinn ar an AE, dar le measúnú bliaintúil English . Tá geilleagair éiritheacha eile, amhail an tSín is an Bhrasaíl, ag caolú na bearna go mear.

Thug ceannairí an AE tacaíocht leathan English do chur chuige an Choimisiúin, lena n-áirítear comhpháirtíochta príobháideacha-poiblí a chruthú chun breis nuálaíochtaí ar chur ar an margadh níos tapúla. Sa chéad chomhpháirtíocht, a sheolfar in 2011, misneofar lucht T&F chun táirgí is seirbhísí nua a fhorbairt don aosú sláintiúil gníomhach.

Misneoidh an AE na rialtais agus an tionscal chun an infheistíocht iomlán in T&F a mhéadú go 3% den OTI faoi 2020 (ó 2% in 2009). Ach an sprioc sin a bhaint amach, d'fhéadfaí 3.7 milliún post a chruthú agus €795bn a chur le fás bliantúil.

Na chéad chéimeanna eile

Tá comhairliúchán poiblí English ar siúl anois go dtí 20 Bealtaine faoi na tograí. Ansin déanfaidh an Coimisiún saintograí faoi mhaoiniú taighde níos déanaí i mbliana.

Eoraip 2020 English

Breis faoi nuáil san AE English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links