Cosán nascleanúna

AE le rochtain ar líonraí ardluais a threisiú - 20/09/2010

Téarmaí a bhaineann leis an Idirlíon arna litriú i mbloclitreacha:   Gréasán 2.0, meáin shóisialta, blagáil, líonrú, srl. © iStockphoto.com/mrakocy

Glacadh bearta inniu chun treisiú le leathanbhanda ardluais a rolladh amach is a chur i bhfeidhm san AE.

I sochaí faisnéise an lae inniu, níl aon dul thar rochtain ardluais ar an idirlíon chun poist agus rathúnas a chruthú. Ina Chlár Digiteach don Eoraip DeutschEnglishfrançais , gheall an AE a chinntiú go mbeadh rochtain ag gach saoránach ar leathanbhanda DeutschEnglishespañolfrançaisitalianopolski bunúsach faoi 2013, agus ar leathanbhanda ardluais agus sárluais faoi 2020.

“Cabhróidh na bearta English sin lena chinntiú go bhfaighidh Eorpaigh an t-idirlíon den chéad ghrád atá uathu is atá tuillte acu, ionas go mbeidh rochtain acu ar an inneachar is ar na seirbhísí atá uathu," arsa Coimisinéir an Chláir Dhigitigh Neelie Kroes. Sa phacáiste tá bearta amhail:

  • moladh English faoi rochtain ar líonraí den chéad ghlúin eile, ionas go mbeidh a fhios ag oibritheoirí telecom cé na dlíthe AE a bheidh i bhfeidhm
  • togra English lena chinntiú go mbeidh fáil ar speictream do leathanbhanda gan sreang faoi 2013
  • páipéar beartais English a leagann amach an tslí is fearr chun infheistíocht phríobháideach is phoiblí i líonraí ardluais agus sárluais a mhisniú.

Éascaíonn cónaisc leathanbhanda ardluais an obair ón mbaile agus le linn taistil. Fairis sin, cabhraíonn siad le gnóthais chun a gcostais a ísliú agus éirí níos iomaíche, agus le seirbhísí nua idirghníomhacha ar líne a chruthú san oideachas is sa tsláinte. Ag an Eoraip atá an meánleibhéal glactha is airde ar leathanbhanda ar domhan. Ach níl nasc ardluais snáithíneach idirlín go díreach ina mbailte féin ach ag 1% na nEorpach, i gcomparáid le 12% na Seapánach agus 15% na gCóiréach Theas.

Straitéis Eoraip 2020 DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links