Cosán nascleanúna

Breis tíortha ag tacú le fearas sábháilteachta carranna r-Ghlao - 04/05/2010

Is mó an glacadh san Eoraip leis an gcoincheap go gcuirfí uathchóras SOS ar charranna.

Thacaigh seacht rialtas Eorpacha eile le feachtas an AE chun gaireas a chur ar charranna nua a ghlaofadh ar chabhair uaidh féin i gcás tionóisce.

Is iad an Bheilg, an Bhulgáir, an Danmhairg, Lucsamburg, Málta, an Pholainn agus an Rómáin na tíortha is déanaí a shínigh comhaontú neamhcheangailteach leis an gCoimisiún chun rGhlao English , an córas éigeandála in-chairr, a úsáid.

Ciallaíonn a ngeall go bhuil 25 tír Eorpach tiomanta chun an córas nua a sheoladh anois. Ina measc, tá tíortha neamh-AE mar an Íoslainn, an Iorua agus an Eilvéis. Tá déantóirí carranna agus oibritheoirí fón póca Eorpacha d'éis tacú leis an gcóras cheana, sin coinníoll eile don úsáid fhorleathan comhlíonta.

D'ainneoin fhás na tacaíochta, níl rGhlao ag oibriú in aon tír AE fós, cúig bliana tar éis don fheachtas tosú. Spreag an Coimisiún na húdaráis náisiúnta rGhlao a thosú níos túisce, ach bhí imní ar roinnt tíortha faoin gcostas (thart ar €100 in aghaidh an chairr). Tá cuid eile acu mall chun a gcuid lárionad éigeandála a uasghrádú agus daoine a oiliúint le plé leis na glaonna.

Nuair a bhraitheann an gaireas eCall mórthuinseamh, diailíonn sé 112, uimhir éigeandála na hEorpa, go huathoibreach agus tugann tuairisc an chairr d'oibrithe tarrthála. Is féidir glaonna a dhéanamh, leis, trí chnaipe a bhrú.

Sa dá chás, bunaítear nasc gutha idir an fheithicil is an t-ionad tarrthála, chomh maith leis an nasc sonraí uathoibreach. Sa tslí sin, tiománaithe is paisinéirí atá in ann ceisteanna a fhreagairt, tig leo a thuilleadh sonraí faoin tionóisc a thabhairt.

Agus é in úsáid go hiomlán ar fud na hEorpa, meastar go sábhálfadh an córas 2 500 beatha sa bhliain is go laghdódh sé leontaí tromchúiseacha 15% ar a laghad. Maraíodh thart ar 39 000 duine ar bhóithre na hEorpa in 2008, de réir na bhfigiúirí is déanaí atá ar fáil.

Le carranna nua amháin a bhaineann an tionscnamh - níl an AE ag iarraidh carranna atá in úsáid a aisoiriúnú.

Le trí bliana anuas, thug an AE €160m ar thaighde faoi theicneolaíocht na faisnéise chun sábháilteacht is seirbhísí san iompar a fheabhsú.

Breis faoi rGhlao English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links