Cosán nascleanúna

Breis caiteachais taighde san AE - 16/11/2009

Eolaí i ndíonéadach agus samhail de mhóilín aige  ©EC

Dhá chuideachta san AE i measc na n-infheisteoirí is mó ar domhan in T&F

D'ainneoin na géarchéime geilleagraí, chaith cuideachtaí Eorpacha 8.1% ar an meán sa bhreis ar thaighde is forbairt i 2008 ná i 2007 – an méadú céanna bliantúil, thart air, dhá bhliain as a chéile.

Gnóthais Mheiriceánacha is Sheapánacha, príomh-iomaitheoirí an AE sa chaiteachas ar T&F, mhéadaigh siad a n-infheistíocht ar tháirgí nua a chruthú, ach ní raibh an méadú – 5.7% agus 4.4% faoi seach – chomh mór leis an AE.

Seo an dara bliain as a chéile inar mhó an ráta fáis i gcaiteachas T&F do chuideachtaí san AE ná do chuideachtaí i SAM. Thairis sin, b'shin an ceathrú bliain as a chéile a raibh an tAE chun tosaigh ar chuideachaí na Seapáine.

Tá géarghá le hinfheistíocht T&F chun fanacht iomaíoch sa gheilleagar domhanda. D'fháiltigh Coimisinéir Eorpach an taighde, Janez Potočnik, roimh na torthaí: "Seo an straitéis is fearr chun teacht amach níos treise as an ngéarchéim."

Aibhsítear na treochtaí i scórchlár infheistíochta T&F 2009 English an AE, rangú 2 000 cuideachta (1 000 ón AE, an fuílleach ó SAM is ón tSeapáin go príomha) atá ionadaíoch ar 80% den chaiteachas domhanda ó ghnóthais ar T&F.

Tá dhá shárchuideachta ón AE – Volkswagen na Gearmáine agus Nokia na Fionlainne – agus cúig chuideachta ó SAM – ina measc Microsoft, General Motors agus Pfizer – i measc an 10 n-infheisteoir T&F is mó. Toyota na Seapáine, le €7.61bn, an t-infheisteoir is mó ar fad.

Bíodh go bhfuil cuideachtaí Eorpach ag caidéalú airgid isteach san T&F ag ráta níos tapúla ná a n-iomaitheoirí ó SAM is ón tSeapáin, is lú dáiríre a gcaithid. B'ionann an infheistíocht Eorpach mar chéatadán na díolaíochta agus 2.7% in 2008, i gcomparáid le 4.5% i SAM agus 3.4% sa tSeapáin. Tá na huimhreacha sin ar aon dul le 2007.

Mhéadaigh cuideachtaí SAM a dtosaíocht ar an AE sna hearnálacha is déine T&F - cógaisíocht, bith-theicneolaíocht, teicneolaíocht na faisnéise is na cumarsáide. Ach tá caiteachaa ar fhuinneamh malartach ag fás agus forlámhas ag cuideachtaí ón AE ann.

Go domhanda, mhéadaigh infheistíocht thionsclaíoch T&F faoi 6.9% – níos lú ná 2007 (9%) agus 2006 (10%).

Is beag é cion na ngeilleagar éiritheach san infheistíocht iomlán, ach tá sé sin ag athrú. Chaith an tSín 40% níos mó ar T&F anuraidh ná in 2007, an India 27.3 % agus an Téaváin 25.1%.

Scórchlár taighde is forbartha 2009 English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links