Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Éascaíonn nascleanúint is leagan amach nua an cuardach ar phríomh-leathanaigh shuíomh an AE – in aon teanga oifigiúil AE.
Is é Europa – suíomh gréasáin oifigiúil an AE – an chéad áit ina dtéann daoine chun eolas faoin Aontas Eorpach a fháil. Chomh maith le forais is dlíthe an AE a chlúdach, tugann sé treoir phraiticiúil faoi bhogadh go tír eile AE, mar shampla, nó faoi rochtain ar mhaoiniú. Fairis sin, taispeánann an suíomh gréasáin cé a bhaineann tairbhe as gníomhartha an AE, agus conas.
Le breis is 6 mhilliún leathanach, tá tairseach Europa ar cheann de na suímh is mó ar domhan. Ní haon ionadh, mar sin, gur deacair uaireanta teacht ar ghiota eolais ar leith. Chun na leathanaigh isteach a dhéanamh níos soláimhsithe, shimplíomar an leagan amach, tríd an suíomh a roinnt ina 6 phríomhthéama a fhreagraíonn do riachtanais na n-úsáideoirí.
Beidh an roghchlár nascleanúna ar gach leathanach chun gur fusa bogadh ar fud an tsuímh gan tú féin a chailliúint. Trí ghliogáil ar lógó Europa, tig leat filleadh go tapa chuig an leathanach baile pé áit sa tairseach ina bhfuil tú. Aagus beidh cabhair bheo nascleanúna ar fáil as Béarla, as Fraincis is as Gearmáinis.
Tá sé de chuspóir ag an athdhearadh an t-inneachar atá ann a athstruchtúrú ar shlí níos réasúnta – dlíthe is ábhar casta teicniúil a roinnt ó eolas níos ginearálta, is cabhrú le cuairteoirí a bhfuil uathu a fháil.
Is mian linn leanúint orainn ag feabhsú an tsuímh. Mar sin, le do thoil úsáid gné an aiseolais má bhíonn aon fhadhb agat leis na leathanaigh nua, nó má tá gnéithe nua is mian leat a fheiceáil. Cabhróidh d'ionchur linn chun na leathanaigh a mhúnlú ar son do riachtanas.
Fad is a bheidh an t-athrú go dtí an leagan amach nua ar siúl, b'fhéidir go mbuailfeá le mionfhadhbanna, ach (tá súil againn!), ní mórfhadhbanna. Go raibh maith agat as do chuid foighne is tuisceana.