Cosán nascleanúna

córas aláraim tionóisce eCall - cabhróidh cuideachtaí fón póca Eorpacha.

Gheall cuideachtaí na bhfón póca tacú le feachtas an AE chun gaireas a chur ar charranna nua a ghlaofadh ar chabhair uaidh féin i gcás tionóisce.

Céim mhór chun tosaigh do eCall English is ea formhuiniú an Chumainn GSM, comhlacht domhanda atá ionadaíoch ar na céadta cuideachta. Is gá rannpháirtíocht an tionscail telecom, déantóirí carranna agus na seirbhísí éigeandála chun an córas a chur ag obair.

Tá súil ag coimisinéir Telecom Viviane Reding go misneoidh an geall, a síníodh ag searmanas an 9 Meán Fómhair, na tíortha AE chun eCall a chur ag obair níos luaithe. Córas roghnach atá ann faoi láthair, ach tá an Coimisiún ag smaoineamh é a dhéanamh éigeantach mura mbíonn aon dul chun cinn faoi dheireadh na bliana.

Bhí an seoladh ar na bacáin don fhómhar seo, ach ceithre bliana d'éis don tionscadal tosú, níl eCall ag obair in aon tír AE fós.

Meastar go sábhálfaidh an córas thart ar 2,500 beatha sa bhliain ar fud na hEorpa agus go laghdóidh sé leontaí 10% ar a laghad. Le carranna nua amháin a bhaineann an tionscnamh. Níl an tAE ag iarraidh go n-aisfheisteofaí sean-charranna.

Léirigh roinnt tíortha imní faoin gcostas, a bheadh thart ar €100 an carr, meastar. Tá cuid eile acu mall chun a gcuid lárionad éigeandála a uasghrádú agus daoine a oiliúint le plé leis na glaonna.

Nuair a bhraitheann an gaireas eCall mórthuinseamh, diailíonn sé 112, uimhir éigeandála na hEorpa, go huathoibreach agus tugann tuairisc an chairr d'oibrithe tarrthála. Is féidir glaonna a dhéanamh, leis, trí chnaipe a bhrú.

Sa dá chás, bunaítear nasc gutha idir an fheithicil is an t-ionad tarrthála, chomh maith leis an nasc sonraí uathoibreach. Sa tslí sin, tiománaithe is paisinéirí atá in ann ceisteanna a fhreagairt, tig leo a thuilleadh sonraí faoin tionóisc a thabhairt.

 

Breis faoi eCall English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links