Cosán nascleanúna

Pictiúr ón scannán "Tiarna na bhFáinní"

Chun cumas iomaíochta san Eoraip a spreagadh, braitheann  an tAontas Eorpach ar chomhphháirtíochtaí príobháideacha-poiblí i gcúrsaí taighde agus cruthaíonn sé dhá ghníomhaireacht chun scoth na seirbhíse a thabhairt d'eolaithe

"Casino Royale", "Cód da Vinci", "Tiarna na bhfáinní", "Tosaíonn Batman", "King Kong", "Filleann Superman" nó "X-men 3":  i bpáirt ag na scannáin seo go léir tá ardcháilíocht a gcuid éifeachtaí speisialta, a cumadh le cabhair bhogearraí Furnace, a bhuaigh duais Oscar. Ceathrar saineolaí Eorpacha a chum, ach seans nach bhfeicfí na bogearraí seo riamh gan taca an Aontais Eorpaigh trína 7ú creatchlár taighde (7ú CC), go háirithe gníomhaíochtaí Marie Curie, chun oiliúint agus soghluaisteacha na dtaighdeoirí le linn a ngairmréime ar fad a fheabhsú.

Tiocfaidh tionscnóirí na mbogearraí seo agus a lán de lucht gnímh sna hearnálacha poiblí is priobháideacha le chéile sa Bhruiséil an 14 Eanáir do "chomhdháil faoi ghníomhaíochtaí Marie Curie", a phléifidh le comhpháirtíochtaí idir lucht gnó agus na hollscoileanna go háirithe.  Thuig an Coimisiún go maith gur gá a leithéid de chomhpháirtíochtaí do chumas iomaíochta na hEorpa, mar sheol sé glaoch nua  ar thairiscintí chun  tionscadail mar seo a mhaoiniú

Chruthaigh sé an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde, a bheidh i bhfeighil ar chlár scoláireachtaí Marie Curie, ach fairis sin ar thaighde do ghnólachtaí beaga agus ar roinnt míreanna de na gníomhaíochtaí "Spás" agus "Slándáil" den 7ú CC.  Agus, toisc go dtuilleann taighdeoirí scoth na seirbhíse, tagann gníomhaireacht eile ar an saol chomh maith:  Gníomhaireacht Feidhmiúcháin do Chomhairle Eorpach an Taighde, le freagracht as clár "Idéithe" an 7ú CC, chun taighde san iniúchadh a spreagadh.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links