Cosán nascleanúna

Todhchaí chathracha na hEorpa a mhúnlú - 30/07/2014

Radharc de chathair Stócólm © AE

Cén chaoi is fearr riachtanais cathracha a chur san áireamh i mbeartais an AE? Teastaíonn ón AE do thuairimí a chloisteáil.

Tá cathracha thar a bheith tábhachtach le go bhféadfar tabhairt faoi na dúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a bheidh ar an Eoraip a shárú. Is é is aidhm don Chlár um Cheantair Uirbeacha féachaint chuige go mbeidh gach tacaíocht le fáil ag cathracha ó na beartais Eorpacha agus náisiúnta.

Tá comhairliúchán poiblí English faoin gClár um Cheantair Uirbeacha á eagrú ag an AE le go bhféadfaidh páirtithe leasmhara – údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta san áireamh – a dtuairimí a nochtadh faoi na cuspóirí a bheidh leis an gClár sin agus faoin gcaoi a gcuirfear i bhfeidhm é. Beidh an comhairliúchán ar siúl go dtí an 26 Meán Fómhair 2014.

Tá cónaí ar isteach is amach le 70% de phobal an AE i gceantair uirbeacha, agus tá gach cosúlacht ann go n-ardóidh an líon sin go 80% faoi 2050. Ós rud é go n-imríonn breis agus dhá thrian de na beartais agus den reachtaíocht atá ag an AE tionchar ar bhailte móra agus ar chathracha, tá cur chuige níos comhordaithe ag teastáil le go mbeidh na leibhéil éagsúla rialachais ag comhoibriú le chéile. D'fhágfadh an cur chuige sin go bhféadfaí pleanáil straitéiseach a dhéanamh thar theorainneacha riaracháin éagsúla.

Cén fáth a dteastaíonn Clár um Cheantair Uirbeacha ón AE?

Tá sé ríthábhachtach go léireofaí tuiscint níos fearr ar riachtanais na gcathracha i mbeartais an AE. D'uireasa na tuisceana sin ní fhéadfar na cuspóirí atá leagtha síos sa Straitéis Eoraip 2020 – cuspóirí i dtaobh na fostaíochta, na haeráide agus an chuimsithe shóisialta – a bhaint amach.

Tá dhá phríomhchuspóir faoi láthair leis an gClár um Cheantair Uirbeacha:

  • leanúnachas níos fearr a bheith ann i mbeartais éagsúla an AE le go gcuirfear riachtanais na gcathracha san áireamh iontu
  • páirt níos gníomhaí agus níos larnaí a bheith ag cathracha i bpróiseas ceaptha beartais an AE.

Raon feidhme agus treo

Ba cheart cuspóirí ginearálta an AE a chur san áireamh sa Chlár um Cheantair Uirbeacha agus ba cheart don Chlár sin a bheith ina chomhlánú ar na beartais náisiúnta. Tugadh teachtaireacht shoiléir le linn Fóram CITIES English le deireanas nach rialacha nua ón AE an rogha réitigh.

Ba chóir don Chlár um Cheantair Uirbeacha modh oibre a chur ar fáil le gur féidir aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin atá os comhair chathracha na hEorpa, agus malartú dea-chleachtais a chur chun cinn mar áis a chabhróidh linn cathracha agus réigiúin chathrach a fhorbairt.

Preaseisiúint – Clár an AE um Cheantair Uirbeacha a mhúnlú don todhchaí

Ceisteanna agus freagraí – an Clár um Cheantair Uirbeacha – an ghné uirbeach de bheartais an AE English

Teachtaireacht ón gCoimisiún – An ghné uirbeach de bheartais an AE PDFбългарскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links