Cosán nascleanúna

Tionscadail réigiúnacha den scoth i lár an aonaigh - 01/02/2013

Le duaiseanna RegioStars tugtar aitheantas do thionscadail shármhaithe arna maoiniú ag an AE.

Léiríonn na 5 bhuaiteoirí nuálaíocht agus fás cliste, inbhuanaithe á chothú acu chun tairbhe daoine, an chomhshaoil agus an gheilleagair.

Tá siad i measc na gcéadta míle tionscadal a fhaigheann cistí forbraíochta réigiúnacha ón AE. Seo iad Regiostars 2013 Englishfrançais in gach catagóir:

UPTEC Englishfrançaisportuguês , fás cliste – chabhraigh páirc eolaíochta agus teicneolaíochta Ollscoil Oporto le 110 cuideachta, lena n-áirítear 96 tionscadal nuathionscanta, 5 ghnólacht mhóra agus 5 ionad phríobháideacha nuálaíochta . Cruthaíodh tuairim is 800 post iarchéime, rud a chuidíonn le fás eacnamaíoch láidir sa réigiún.

Enworks Englishfrançais , fás inbhuanaithe – cabhraíonn an tseirbhís um fhás inbhuanaithe le gnóthais bheaga agus mheánmheíde in Iar-Thuaisceart Shasana éirí níos tíosaí ar acmhainní. Dá thoradh sin léirigh gnólachtaí coigilteas EUR 95 milliún. A bhuí le feabhsuithe ar an gcomhshaol cruthaíodh nó cosnaíodh tuairim is 960 post.

Conair fostaíochta aonair Englishfrançaispolski , fás cuimsitheach - tríd an tionscadal Polainneach in Elblag cuirtear meantóirí gairmiúla poist ar fáil d'oibrithe dífhostaithe fadtéarmacha atá 45 bliain d'aois nó níos sine. Fuair tuairim is 80 % post agus a bhuí le tacaíocht leanúnach bhí 9 as 10 acu fostaithe fós 15 mhí níos déanaí.

Bainistiú Comharsanachta, Beirlín DeutschEnglishfrançais , ceantair uirbeacha faoi bhuntáiste (CityStar) - tríd an tionscadal tugadh isteach comhlachtaí rialála i gceantair bhochtaineachta Bheirlín, ag tacú le rannpháirtíocht áitritheoirí áitiúla i gcláir lena gcáilíocht beatha a fheabhsú.

I dTreo Oibre Englishlietuvių kalba , an pobal a chur ar an eolas - reáchtáil an tionscadal Liotuánach sraith gearrthóg físe ar chainéil teilifíse ar ar díríodh ar mheonta i leith na mbodhar a athrú. Bunaíodh postionaid phíolótacha le cuidiú le daoine faoi mhíchumas éisteachta post a aimsiú, agus fuair 2 as 3 fostaíocht.

Thíolaic na réigiúin 149 tionscadal, líon as cuimse, fá choinne duaiseanna i mbliana. Fuair na buaiteoirí a nduaiseanna an 31 Eanáir ag searmanas sa Bhruiséil.

Ba cheart iarratais ar na duaiseanna do 2014 Englishfrançais a chur isteach faoin 19 Aibreán 2013. Cuirfidh iomaitheoirí sa chomótas ceannais a dtionscadail faoi bhráid giúire neamhspleách le linn chomhdháil bhliantúil English an AE le haghaidh ionadaithe ó rialtais áitiúla agus réigiúnacha (7-10 Deireadh Fómhair).

Tuilleadh faoi bheartas réigiúnach an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links