Cosán nascleanúna

Freagraí áitiúla d'fhonn fás - 08/10/2012

Malartú smaointe idir ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha an AE faoi na slite is fearr le treisiú le hiomaíochas, fás agus poist ag a gcruinniú bliantúil sa Bhruiséil ó 8 go 11 Deireadh Fómhair.

Déanfaidh 10ú eagrán Laethanta ar Oscailt 2012 – Seachtain Eorpach na Réigiún & na gCathracha English , thart ar 6 000 ionadaí tofa ó gach cuid den Eoraip a thabhairt le chéile, agus is í an ócáid is mó ar domhan i saol an bheartais réigiúnaigh agus uirbigh í.

Beidh siad ar thóir slite éalaithe ón ngéarchéim gheilleagrach don Eoraip agus socróidh siad tosaíochtaí do mhaoiniú AE dá chuid réigiún feasta. Leis na cistí réigiúnacha sin cabhraítear le réigiúin thearcfhorbartha le nua-aoisiú, agus an AE ag freagairt do dhúshláin an gheilleagair dhomhandaithe.

Mar shampla, chuidigh cláir AE le gnólachtaí 450 000 post a chruthú ó 2007 i leith, chuir siad rochtain ar mhaoiniú ar fáil do 56 000 mionghnóthas ar a laghad agus chabhraigh siad le 460 000 duine óg a bhí ag lorg oibre.

Tá tograí ón gCoimisiún ar na bacáin leis an gcéad bhabhta eile de mhaoiniú réigiúnach (2014-2020) българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a dhéanamh níos éifeachtaí chun cuspóirí fadtéarmacha Eoraip 2020, straitéis fáis agus post an AE, a bhaint amach.

Ar na hábhair tá:

  • fás cliste, glas, le nuáil a chothú trí thaighde agus trí fhorbairt
  • cabhair do mhionghnóthais
  • breis comhair idir na réigiúin

Imeachtaí ar fud na hEorpa

Lasmuigh den Bhruiséil, tá os cionn 350 ócáid ghaolmhar English á reáchtáil ar fud an AE agus in 11 thír eile, lena n-áirítear an Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Chróit, an Íoslainn, Montainéagró, an Iorua, an tSeirbia, an Eilvéis agus an Tuirc. Ina measc sin tá comhdhálacha, ócáidí cultúrtha, féilte agus taispeántais.

Beidh Birmingham na Ríochta Aontaithe mar óstach ar ócáid an 17 Deireadh Fómhair English faoi naisc níos dlúithe idir taighdeoirí agus tionscail chumarsáide agus ríomhaire a chruthú.

Beidh aonach agus taispeántas i mBéal Feirste an 16 agus 17 Deireadh Fómhair a thacóidh le deiseanna cónaithe, oibre, taistil, obair dheonach agus staidéir i dtír Eorpach eile.

Cill Chainnigh a bheidh mar óstach ar sheimineár English an 16 Samhain ina scrúdófar bealaí le tionchar mhaoiniú AE a fheabhsú feasta.

Is iad an Coimisiún agus Coiste na Réigiún DeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandspolskiRomânasvenska , comhlacht AE a thugann tionchar ar bheartais an Aontais d'eagrais rialtas áitiúil agus réigiúnach, a eagraíonn Laethanta ar Oscailt 2012.

Lean seachtain na réigiún agus na gcathracha beo English

Breis eolais faoi bheartas réigiúnach. българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Cláir AE-mhaoinithe sa limistéar agatsa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links