Cosán nascleanúna

Glac grianghraf de thionscadal - 16/07/2012

Beirt bhuachaillí ag imirt le roth stiúrtha cairr agus iad ina suí ar thochaltóir © AE

Glac grianghraif de thionscadail a fuair maoiniú AE i do réigiúnsa agus d'fhéadfá trealamh ceamara luach €1 000 agus turas do bheirt chun na Bruiséile a bhuachan.

Léirigh do scileanna grianghrafadóireachta an samhradh seo agus seol grianghraif chugainn ina bhfeictear maoiniú réigiúnach an AE in úsáid.

Ní mór grianghraif a ghlacadh de thionscadail a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska (CFRE) nó ón gciste comhtháthaithe българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska . Ní mór go dtaispeánfaí comhartha an tionscadail – aimsigh clár ar a bhfuil bratach an AE agus eolas faoin maoiniú.

Tacaíonn na cistí le réigiúin thearcfhorbartha an AE nuachóiriú a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a thugann an geilleagar domhandaithe. Úsáidtear an maoiniú le scileanna na bhfórsaí saothair áitiúla a fhorbairt, fiontraíocht a spreagadh, bonneagar a fheabhsú agus an comhshaol a chosaint, mar shampla.

Is féidir iarratas a chur isteach English mar dhuine atá ag obair in eagraíocht a fhaigheann maoiniú réigiúnach AE, nó mar dhuine den phobal – tá dhá chatagóir ar leith ann. Beidh ort cuntas a oscailt ar Facebook chun iarratas a dhéanamh mura bhfuil cuntas agat ar an suíomh sin cheana.

An chéad rud le déanamh, aimsigh tionscadal българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska – i do réigiún baile nó níos faide ón mbaile.

San Fhómhar, roghnófar beirt bhuaiteoirí i ngach catagóir – roghnóidh an pobal buaiteoir amháin trí vótáil ar líne (is féidir vóta a chaitheamh idir 27 Lúnasa agus 7 Meán Fómhair).

Roghnóidh coiste moltóirí na buaiteoirí eile. Déanfar grianghraif a mheas ar aeistéitic, cruthaitheacht agus ábharthacht do bheartas réigiúnach an AE.

Gheobhaidh gach buaiteoir €1 000 le caitheamh ar threalamh ceamara dhigitigh agus turas do bheirt chun na Bruiséile le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún is na gCathracha English (8-11 Deireadh Fómhair).

Is cuma más sa bhaile nó thar lear atá tú, bí ag faire amach do thionscadail agus bíodh do cheamara réidh agat. Deireadh mhí Lúnasa an sprioc atá ann d'iarratais.

Eolas faoin gcomórtas ar Facebook English

Tuilleadh faoi bheartas réigiúnach an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links