Cosán nascleanúna

Na réigiúin i lár an aonaigh - 15/06/2012

Tugann an AE aitheantas do na tionscadail réigiúnacha is uathúla agus is nuálaí- Duaiseanna RegioStar 2012.

I measc na gcúigear buaiteoirí de dhuaiseanna RegioStars Englishfrançais i mbliana, tá eagraíocht a oibríonn chun postanna i dteicneolaíocht ghlas a chothú agus tionscadal comhoibríoch le tacaíocht a chur ar fáil do sheandaoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe.

Níl ansin ach roinnt de na céadta míle tionscadal atá tar éis tairbhe a bhaint as cistí forbartha réigiúnaí de chuid an AE. Seo a leanas na buaiteoirí in gach catagóir:

Eco World Styria DeutschEnglish , fás cliste – mhéadaigh an líonra an méid comhlachtaí teicneolaíochta glaine atá i réigiún Steiermark na hOstaire agus tá sé ag obair le cinntiú go mbeidh an bhraisle seo de 180 comhlacht ina ionad domhanda don éiceanuálaíocht. Ó tosaíodh an tionscadal, tá 5,000 post nua cruthaithe ag cleantech.

GRaBS English , fás inbhuanaithe – 14 comhpháirtí ó ocht dtír san AE atá ag cuidiú le húdaráis réigiúnacha forbairtí uirbeacha nua agus reatha a oiriúnú le go mbeidh seasamh iontu in aghaidh diandhálaí aimsire a thiocfaidh ón athrú aeráide.

Older people for Older people English , fás cuimsitheach – údaráis réigiúnacha san Fhionlainn, sa Ghraonlainn, i dTuaisceart Éireann, in Albain agus sa tSualainn a d'oibrigh le seandaoine chun bealaí nua a aimsiú leis na seirbhísí tacaíochta a theastaíonn uathu i bpobail tuaithe a sholáthar.

South East Malmö svenska , ceantair uirbeacha faoi mhíbhuntáiste a fhorbairt – sa tionscadal Sualannach seo cruthaíodh comhpháirtíochtaí idir cónaitheoirí, úinéirí foirgnimh agus gnólachtaí i gceithre cheantar in Oirdheisceart Malmö ina bhfuil ráta ard díofhostaíochta.

Podlaskie Voivodeship Englishpolski , an pobal a chur ar an eolas – d'fhorbair an réigiún seo sa Pholainn suíomh gréasáin i bPolainnis agus i mBéarla ar ar cuireadh mionsonraí agus mioneolas faoi infheistíochtaí AE agus grúpaí a bhaineann leas as chláir AE.

Fuair na buaiteoirí a nduaiseanna inné, an lá roimh chomhdháil bhliantúil English an AE le haghaidh ionadaithe ón rialtas áitiúil agus réigiúnach.

Fuarthas tuairim is 107 iarratas ó na réigiúin do chomórtas na bliana seo. Fuair na tionscadail uile tacaíocht ó Chiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska (CFRE) nó ón gciste comhtháthaithe българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska .

Tuilleadh faoi bheartas réigiúnach an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links