Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna
AE chun a mhaoiniú don fhorbairt réigiúnach a dhíriú ar phoist is ar fhás inbhuanaithe a chruthú. Déantóirí beartais sa Bhruiséil 31 Eanáir-1 Feabhra chun na hathruithe a phlé.
Ag an AE atá ceann de na geilleagair is saibhre ar domhan, ach is mór iad na difríochtaí idir na réigiúin fós. Tá olltáirgeacht intíre 75% faoi mheán an Aontais ag réigiún amháin as gach ceithre cinn.
Tá tábhacht le laghdú na ndifríochtaí sin do rath leanúnach an AE - go háirithe in aeráid gharbh gheilleagrach an lae inniu. Le cistí réigiúnacha an AE cabhraítear le réigiúin thearcfhorbartha chun nua-aoisiú, agus an AE ag freagairt do dhúshláin an gheilleagair dhomhandaithe.
Tá fáil ar thart ar €350bn sna seacht mbliana go dtí 2013. Úsáidtear an t-airgead chun tionscadail a chomh-mhaoinú le rialtais áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta an Aontais.
Go dtí seo, chruthaigh an maoiniú 1.4m post nua, chabhraigh le 34m chun obair a fháil, agus d'uasghrádaigh scileanna do 36m eile, dar le tuarascáil na Samhna 2010 ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
. Dírítear ar oiliúint scileanna chomh maith - go háirithe do ghrúpaí leochaileacha - agus ar bhonneagar, amhail tionscadail um chóiriú bóithre, iarnród, agus uisce.
Fóram um Chomhtháthú
Agus an tréimhse reatha maoinithe ag teacht chun deiridh, tháinig 800 ionadaí ó rialtais áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta le chéile sa Bhruiséil d'Fhóram um Chonhtháthú
, chun cuíochóiriú feabhsaithe an mhaoinithe do riachtanais réigiúnacha a phlé.
Is mian leis an AE go ndíreofaí an maoiniú feasta ar fhás is ar phoist - de réir a straitéise Eoraip 2020
.
Baineann an plé le cuspóir na straitéise fás geilleagrach inbhuanaithe a fhorbairt a bheidh níos cliste, níos glaise is níos iniataí. Tionóladh é chun go gcloisfí ó na ballstáit is na réigiúin sula dtíolacfaidh an Coimisiún a chéad tograí reachtacha faoi mhaoiniú um chomhtháthú an samhradh seo.
Tá roinnt réigiún ag baint úsáide as an maoiniú cheana féin, de réir na straitéise Eoraip 2020. Orthusan tá an Liotuáin, an Bhreatain Bheag agus Brandenburg na Gearmáine, atá ar na réigiúin a roghnaíodh do ghradaim bhliantúla RegioStars ![]()
an AE.
Tá fáil ar shamplaí eile is ar chás-staidéir dheachleachtais ar bhunachar sonraí foghlama beartais ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
an AE ar líne.
Breis faoi bheartas réigiúnach. ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
Buaiteoirí na bliana seo caite ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()