Cosán nascleanúna

Straitéis chun réigiún na Danóibe a fhorbairt - 09/12/2010

Droichead Maria Valeria thar abhainn na Danóibe © AE

Pleananna nua chun chumas geilleagrach a fhorbairt, chun comhshaol a fheabhsú agus chun slándáil a mhéadú.

Tá roinnt de na réigiúin is boichte, agus is saibhre, san Eoraip in abhantrach na Danóibe ina bhfuil daonra 100m agus codanna de 14 tír inti, lena n-áirítear 8 tír AE.

Spreagann an straitéis do réigiún na Danóibe English comhoibriú fadtéarmach chun réimse leathan fadhbanna áitiúla a chomhrac, forbairt gheilleagrach a mhéadú, naisc fhuinnimh agus iompair a fheabhsú, an comhshaol a chosaint agus slándáil a neartú.

  • Forbairt gheilleagrach - tá sé mar aidhm ag infheistíocht mhéadaithe in oideachas agus i dtaighde na difríochtaí i bhforbairt gheilleagrach agus i gcaighdeáin mhaireachtála a laghdú.
  • Iompar - sprioc amháin is ea iompar lastais ar an Danóib a mhéadú faoi 20% faoi 2020. Faoi láthair níl an sean-chabhlach loingseoireachta in ann ach do 10-20% den trácht ar an Réin. Díreofar ar líonra iarnróid agus bóthair an réigiúin a fhorbairt chomh maith.
  • Fuinneamh - cabhróidh margaí fuinnimh an réigiúin a nascadh le chéile le cosc a chur le heasnaimh breosla agus fuinnimh na ngeimhrí is deanaí arís. Ba chóir go laghdódh an méadú in iomaíocht dá thoradh sin costais do thomhaltóirí chomh maith.
  • Comhshaol - feabhsóidh ionaid chóireála uisce nua cáilíocht uisce agus laghdóidh siad truailliú ó chamras neamhchóireáilte agus leasacháin a théann isteach san abhainn. Sa straitéis freisin tá tionscadail chun bithéagsúlacht agus éiceatheicneolaíochtaí a chur chun cinn.
  • Slándáil - áirítear ar na tionscadail cumas an réigiúin chun comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe a mhéadú agus mianaigh talún a cuireadh le linn coinbhleachtaí réigiúnacha déanacha a bhaint.

Cé nach bpleanáiltear aon mhaoiniú breise, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún cistí reatha a úsáid níos éifeachtaí, ar nós an €100bn atá ar fáil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Is dócha go nglacfaidh rialtais an AE an straitéis sa chéad leath de 2011.

Is iad an Ghearmáin, an Ostair, an Ungáir, Poblacht na Seice, Poblacht na Slóvaice, an tSlóivéin, an Bhulgáir agus an Romáin na tíortha san AE atá i réigiún na Danóibe.

Breis faoi bheartas réigiúnach an AE DeutschEnglishespañolfrançaisitalianopolski

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links