Cosán nascleanúna

Aisíoc billiún euro do cháiníocóirí - 29/10/2009

Bád ar chanáil san Ísiltír ©EC

Breis is €1.1bn i maoiniú réigiúnach AE le haisghabháil i mbliana.

Tugann an tAE 35% dá bhuiséad iomlán bliantúil don bheartas sóisialta is réigiúnach. Do chláir a riartar go náisiúnta chun tacú le réigiúin bhochta a théann formhór an airgid sin.

Sna cláir sin is minic a bhíonn na céadta tionscadal, ó bhóithre iarainn is naíonraí a thógáil go hoibrithe a oiliúint agus tacú le mionghnóthais.

Tá ballstáit an AE ceaptha a chinntiú go bhfuil tionscadal inmhaoinithe sula gcuireann siad éileamh ar íocaíocht chuig an gCoimisiún. Ach eagraíonn an tAE a chuid iniúchtaí féin freisin.

Mheasúnaigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina tuarascáil dheiridh nach raibh 11% ar a laghad dár aisíocadh in 2007 inmhaoinithe do mhaoiniú AE. Spreag sé sin a lán beart българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska chun cabhrú le riarthóirí náisiúnta inmhaoinitheacht a sheiceáil níos fearr agus aon airgead amú a aisghabháil.

Deir tuarascáil nua DeutschEnglishespañolfrançaisitalianopolski gur fiú an iarracht. D'aisghabh an tAE €1.5bn in 2008, nuair a thosaigh an plean. Sin breis is cúig oiread an €287m a fuarthas ar ais in 2007.

Go dtí seo i mbliana d'aisghabh an Coimisiún breis is €629m i gcistí réigiúnacha ón AE. Tá súil le haisíoc breise €500m faoi dheireadh 2009.

Is minic gur rialacha casta nár tuigeadh nó nár cuireadh chun feidhme i gceart is bun leis na botúin. Tá an Coimisiún ag obair chun na rialacha a shimpliú. Is beag sampla den chalaois a fuair an Oifig Eorpach Frith-chalaoise (OLAF).

Ballstáit an AE iad féin is mó a tháinig ar na botúin. Sna cásanna sin, tig le tíortha an t-airgead a úsáid do thionscadail réigiúnacha eile. Cailleann tíortha an t-airgead más é an Coimisiún a thagann ar mhírialtachtaí is a iarrann aisíoc.

Má fhaigheann iniúchóirí fadhbanna tromchúiseacha, tig leis an gCoimisiún íocaíochtaí don chlár iomlán a chur ar fionraí. Go dtí seo in 2009, cuireadh cúig chlár ar fionraí, ceann san Iodáil is sa Spáinn araon agus trí cinn a bhaineann le cláir réigiúnacha thrasteorann. Tá nósanna imeachta fionraíochta ar na bacáin do 28 clár eile.

Toisc gur bearta nua atá i gceist, níl súil ag an gCoimisiún le titim mhór sa ráta botúin roimh 2010.

Breis faoi bheartas réigiúnach an AE DeutschEnglishespañolfrançaisitalianopolski

Ciste Sóisialta na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links