Cosán nascleanúna

Ag pleanáil na todhchaí do réigiúin chianda na hEorpa - 23/10/2008

Crainn phailme ar thrá le dul faoi na gréine © Reporters

Cuimseoidh pleananna forbraíochta an tualaing áitiúil do thaighde comhshaoil is cógaisíochta.

Réunion, Martinique, Madeira ... ainmneacha faoi deara aislingí faoi chrainn phailme luascánacha, tránna cúlánta, is tonnta rollacha - ní hiadsan baileach íomhánna a cheanglaítear de ghnáth leis an AE.

Ach mar sin féin, is fada stair na dtrí oileán seo san Eoraip, agus is amhlaidh do na ceithre áit chianda eile atá sna réigiúin is forimeallaí DeutschEnglishespañolfrançaisitaliano san AE - Guáin na Fraince, Guadalúip, na hAsóir is na hOileáin Chanáracha.

Oiléáin nó grúpaí oileán is ea na réigiúin seo uile seachas Guáin na Fraince, atá ar chósta thuaidh Mheiriceá Theas. Cuid den Spáinn na hOileáin Chanáracha, baineann na hAsóir agus Madeira leis an bPortaingéil agus is départements Francacha na ceithre cinn eile. Tá tae, fíon, rum, torthaí is plandaí ornáideacha i measc a dtáirgí traidisiúnta.

Bíodh go bhfuil cuma pharrthais orthu, tá géarchiseanna geilleagracha ag luí ar na réigiúin seo: a laghad, a gciandacht agus aeráid is gnéithe aiceanta deacra. Is iad an fheirmeoireacht, an iascaireacht, is a turasóireacht a thugann formhór na fostaíochta do dhaonra 4 mhilliún an réigiúin.

Agus na teorannuithe seo á n-aithint aici, mhúnlaigh an tAE a bheartas réigiúnach dá sainriachtanais. San am atá caite, b'iad feabhas ar rochtain, ar chumas iomaíochta is ar naisc réigiúnacha na príomh-thosaíochtaí. Anois is mian leis an gCoimisiún dul níos sia is tacú le forbairt a rachaidh chun tairbhe an AE ar fad, is ní hamháin na réigiúin féin. Spéis níos leithne a spreagadh sna réigiúin, agus sócmhainní a dhéanamh dá gciseanna - sin an smaoineamh.

Mar shampla, tá tréithe tíreolaíocha is geolaíocha ag na réigiúin is forimeallaí a dhéanann sárshaotharlanna díobh do thaighde i roinnt réimsí, ina measc an téamh domhanda. Agus tá an-ghealadh faoina mbith-éagsúlacht is a n-éiceachórais mhuirí eisceachtúla don nuáil sa chógaisíocht is san agranamaíocht.

Tá beartaithe ag an AE €7.8bn a chaitheamh ar na réigiúin idir 2007 agujs 2013. Thaispeáin an iliomad tionscadal AE-mhaoinithe cheana gur tábhachtach cion na réigiún seo don Eoraip. Ina measc tá stáisiún cumhachta ilfhóinteach in Madeira agus tionscadal in Réunion chun an t-oileán san Aigéan Indiach a dhéanamh féindóthanach san fhuinneamh.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links