Cosán nascleanúna

Toradh ar iarrachtaí chun Romaigh a imeascadh, a deir AE - 04/04/2014

Gníomhaithe ar son na Romach © AE

Tá torthaí le feiceáil de réir a chéile ar 3 bliana d'iarrachtaí chun feabhas a chur ar shaol na Romach san Eoraip, dar le tuarascáil AE a foilsíodh inniu - ach tá obair le déanamh fós.

Ó gheall ceannairí an AE gníomhú in 2011, mhéadaigh líon na bpáistí Romach atá ag dul tríd an oideachas, bunaíodh cláir chun cabhrú le Romaigh obair a fháil agus tá iarrachtaí faoi lánseoil chun pobail a chur i dteagmháil lena chéile.

Éagothroimí

Bíonn éagrothoimí sóisialta suntasacha ag Romaigh i gcomparáid leis an gcuid eile de dhaonra na hEorpa. Is lú acu a chríochnaíonn an bhunscoil; is airde a gcuid rátaí dífhostaíochta; agus is ísle a n-ionchas saoil de 10 mbliana ná an meán Eorpach.

Ó 2011 i leith, dhírigh tionscadail imeasctha i dtíortha an AE ar 4 réimse: oideachas, fostaíocht, sláinte agus tithíocht.

I measc na bhfeabhsuithe a nochtadh i dtuarascáil an lae inniu, tá na nithe seo a leanas:

  • D'ardaigh céatadán na bpáistí Romach atá ag freastal ar réamhscoil san Fhionlainn ó 2 % go 60 %
  • "Múinteoirí Taistil " a bhogann thart le teaghlaigh lucht siúil in Éirinn
  • "Tascfhórsa" sa Ghearmáin le daoine a spreagadh chun glacadh le Romaigh mar chomharsana
  • Bearta gníomhaíochta dearfacha sealadacha chun cabhrú le dul i ngleic le hidirdhealú sa tSlóvaic

Tá constaicí ann fós, áfach:

  • Is beag dul chun cinn a rinneadh chun feabhas a chur ar rátaí fostaíochta na Romach ar fud na hEorpa 
  • Is fadhb fós í teacht ar chumhdach bunúsach sláinte i roinnt tíortha
  • Tá idirdhealú fós ar siúl.

Cruinniú Mullaigh um Romaigh

Foilsíodh an tuarascáil agus polaiteoirí is ceannairí ar ghrúpaí leasmhara agus ar eagraíochtaí ar fud na hEorpa ag teacht le chéile sa Bhruiséil don 3ú Cruinniú Mullaigh um Romaigh chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn, na tionscadail is éifeachtaí agus an gníomhú breise is gá.

Cabhróidh tuarascálacha bliantúla ó thíortha an AE le hiarrachtaí a chomhordú agus a mheas, agus cuirfear níos mó maoinithe ar fáil.  

Úsáidfear 20% de Chiste Sóisialta na hEorpa ελληνικάEnglishitalianočeštinaeesti keelespañolNederlandsportuguêslatviešu valodalietuvių kalbaromânăpolskifrançaisбългарскиhrvatskiDeutschdansksuomimagyarsvenskaslovenčinaMaltislovenščina – atá ann chun deiseanna fostaíochta níos cothroime a chruthú do shaoránaigh an AE - do thionscadail um chuimsiú sóisialta anois, sin méadú ón meán 15% atá ann faoi láthair.

Daonra

Daonra 10-12 milliún Romach atá san Eoraip. Is céatadán suntasach iad den daonra atá in aois scoile agus den lucht oibre amach anseo in go leor tíortha, céatadán atá ag fás.  

Tá géarghá le tacú leo feadh a gcuid oideachais agus san obair ionas go bhféadfaidh siad bheith rannpháirteach sa gheilleagar agus sa tsochaí ar bhonn cothrom.

Preaseisiúint - imeascadh na Romach: na chéad torthaí ó chreat an AE  

Preaseisiúint - Cruinniú Mullaigh AE um Romaigh ελληνικάEnglishitalianočeštinaeesti keelespañolNederlandsportuguêslatviešu valodalietuvių kalbaromânăpolskifrançaisбългарскиhrvatskiDeutschdansksuomimagyarsvenskaslovenčinaMaltislovenščina

Clár Imeachtaí - Cruinniú Mullaigh Eorpach um Romaigh English (en)

Preaseisiúint - glacadh an chéad ionstraim dlí do chuimsiú na Romach ελληνικάEnglishitalianočeštinaeesti keelespañolNederlandsportuguêslatviešu valodalietuvių kalbaromânăpolskifrançaisбългарскиhrvatskiDeutschdansksuomimagyarsvenskaslovenčinaMaltislovenščina

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links