Cosán nascleanúna

Tacaíonn an AE leis an gceart um uisce glan agus sláintíocht - 19/03/2014

Ciorcal duilleog in uisce, i gcruth bhrat an AE© AE

Cuirfidh an Coimisiún dlús le hiarrachtaí cáilíocht uisce, bonneagar agus sláintíocht a fheabhsú, tar éis mar a d'éirigh leis an gcéad Tionscnamh ó na Saoránaigh.

Is é Right2Water an chéad fheachtas rathúil riamh faoin Tionscnamh ó na Saoránaigh, scéim a seoladh in Aibreán 2012 lena gcuirtear ar chumas shaoránaigh an AE a iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh i réimsí ina bhfuil sé de chumhacht ag an AE gníomhú.

Bhailigh eagraithe an tionscnaimh 1.89 millliún síniú ó dhaoine ar fud na hEorpa a thacaigh lena n-aidhm an ceart um uisce glan agus sláintíocht a chinntiú do shaoránaigh uile an AE.

Chomh maith leis sin d'éiligh siad

  • díolúine ó rialacha an mhargaidh aonair agus léirscaoileadh an tsoláthair uisce agus na bainistíochta acmhainní uisce
  • iarrachtaí breise chun rochtain uilíoch ar uisce agus ar shláintíocht ar fud an domhain a bhaint amach

Gníomhaíocht ar leibhéal an AE

Cé nach bhfuil rialacha nua AE á moladh ag an gCoimisiún ag an tráth seo, d'aithin sé roinnt ábhar imní nach mór díriú orthu agus a bhaineann go díreach leis an tionscnamh agus a chuspóirí. Tá an Coimisiún tiomnaithe do:

  • dlús a chur le hiarrachtaí cur chun feidhme dhlíthe an AE ag rialtais náisiúnta a fheabhsú
  • bainistiú sonraí agus scaipeadh faisnéise a fheabhsú do shaoránaigh
  • dea-chleachtais a chíoradh agus idirphlé agus comhpháirtíochtaí in earnáil an uisce a chur chun cinn
  • trédhearcacht agus cuntasacht i measc soláthraithe seirbhísí uisce a fheabhsú
  • tacú le rochtain uilíoch ar uisce óil agus ar shláintíocht
  • comhairliúchán uile-AE a sheoladh maidir le rialacha i dtaca le huisce óil chun an gá le feabhsuithe a mheasúnú

Gan aon phríobháidiú seirbhísí

Faoi láthair tá oibriú seirbhísí uisce ag brath ar údaráis phoiblí i dtíortha an AE agus deir an Coimisiún go bhfanfaidh sé neodrach agus go n-urramóidh sé cinntí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le reáchtáil seirbhísí uisce.

I gcomhréir le cuspóirí an Tionscnaimh Right2Water, leanfar de dháileadh agus de sholáthar uisce a dhíolmhú ó rialacha an mhargaidh aonair agus ó léirscaoileadh. Anuraidh dúirt an Coimisiún go sainráite go n-eisiafaidh sé an t-uisce ón Treoir Lamháltas pdf - 13 KB [13 KB] Deutsch (de) English (en) , chun ábhair imní a laghdú i dtaobh seirbhísí uisce a phríobháidiú i ngan fhios.

Tionscnamh ó na Saoránaigh

Go dtí seo tá breis is 20 tionscnamh ar leith sínithe ag breis is 5 mhilliún saoránach de chuid an AE. Ní mór dóibh sin tacaíocht a fháil ó 1 mhilliún daoine ar a laghad in aon cheathrú de thíortha an AE ar a laghad sular féidir a iarraidh ar an gCoimisiún rialacha nua a mholadh.

Preaseisiúint - Glacann an Coimisiún le toradh an chéad Tionscnaimh rathúil ó na Saoránaigh българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Right2Water češtinadanskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsromână

Tionscnamh ó na Saoránaigh

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links