Cosán nascleanúna

Ar an Lá um Pá Comhionann cuirtear béim ar fhadhb na héagothroime inscne - 28/02/2014

Fear ag bailiú mála mór airgid atá ar stól agus bean ag iarraidh breith ar mhála beag píosa maith lastuas di. © AE

An dara bliain as a chéile, beidh an Lá Eorpach um Pá Comhionann ann an lá deiridh de mhí Feabhra, lá a mheabhraíonn dúinn go mbíonn mná, i ndáiríre, ag obair gan phá don chéad 2 mhí den bhliain, de dheasca na difríochta móire idir pá na mban agus na bhfear.

Is ar éigean go bhfuil aon athrú tagtha le blianta beaga anuas ar an difreálach pá idir na hinscní, mar a thugtar ar an meándifríocht ioncaim idir fir agus mná, agus tá sé fós thart ar 16% ar fud na hEorpa.

Claonadh beag i dtreo an laghdaithe

Ón uair a seoladh an Lá um Pá Comhionann in 2011, tháinig laghdú beag ar an difreálach pá idir na hinscní - ó 17.5% go 16.4%.

In 2011, eagraíodh an ócáid an 5 Márta - mar chomhartha go raibh mná ag obair 'gan phá' don chéad 65 lá in 2010. Eagraíodh an dara lá an 2 Márta 2012 agus an tríú lá an 28 Feabhra 2013.

An feabhsú beag seo le 4 bliana anuas, tharla sé den chuid is mó toisc gur imir an cor chun donais sa gheilleagar tionchar níos mó ar earnálacha ina bhfuil fir den chuid is mó, m.sh. tógáil nó innealtóireacht, seachas ardú a bheith tagtha ar ioncam na mban.

Bacainní roimh phá comhionann a bhaint

Ar na tosca eile a chuir bac ar dhálaí pá agus oibre na mban a fheabhsú tá easpa trédhearcachta ó thaobh na gcóras pá de agus easpa deimhneachta sa sainmhíniú dlí atá ar obair chomhluacha.

Fuarthas amach i dtuarascáil ar chur chun feidhme rialacha an AE maidir le cóir chomhionainn idir mná agus fir pdf - 82 KB [82 KB] Deutsch (de) English (en) français (fr) le déanaí gur minic nach mbíonn an t-eolas cuí ag oibrithe chun go n-éireoidh lena n-éileamh ar phá comhionann. Cuimsíonn sé freisin an teacht a bhíonn acu ar eolas maidir le leibhéil phá do chatagóirí éagsúla fostaithe.

Dá mbeadh níos mó trédhearcachta sa réimse seo, bheadh daoine atá thíos de dheasca leathcheala pá in ann comparáid níos éasca a dhéanamh idir iad féin agus oibrithe den inscne eile.

Tá tionscnamh nua idir lámha ag an gCoimisiún agus tá súil aige go spreagfar tuilleadh pá comhionann ar obair chomhionann - ceann de phrionsabail bhunaidh an AE.

Preaseisiúint: Gan aon athrú sa difreálach pá idir na hinscní ‑ 16.4% ar fud na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Difreálach pá idir na hinscní

Bíonn rath ar an gcomhionannas Deutsch (de) English (en) français (fr)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links