Cosán nascleanúna

Dul chun cinn á éileamh ag an AE maidir le hathchóirithe ar chosaint sonraí - 28/01/2014

Mic léinn i mbun oibre ar ríomhairí

Tá dul chun cinn á iarraidh ag an AE maidir le hathchóirithe chun rialacha consanta sonraí Eorpacha ón mbliain 1995 a thabhairt cothrom le dáta, rud a neartódh cearta príobháideachais ar líne agus a chuideodh le gnólachtaí.

Dá nglacfaí leis na hathchóirithe, chuirfí tacar aonair rialacha i bhfeidhm ar fud an AE, chun simpliú agus caighdeánú a dhéanamh ar rialacháin na bliana 1995 atá á gcur chun feidhme ar bhealaí éagsúla sna mBallstáit go dtí seo.

Bheadh rochtain níos éasca ag daoine ar a sonraí féin agus bheadh an 'ceart sonraí a dhearmad' acu, rud a d'fhágfadh go bhféadfaidís eolas fúthu féin a scriosadh mura mbeadh forais dhlistineacha ann an t-eolas sin a choinneáil.

Thabharfaí an chumhacht d'údaráis náisiúnta cosanta sonraí fíneáil a ghearradh ar chuideachtaí a sháraíonn na rialacha agus dhéanfaí sonraí pearsanta a bhailítear chun críocha forghníomhaithe dlí a chosaint níos fearr.

Aghaidh a thabhairt ar ábhair imní

Deir naonúr Eorpach as deichniúr go bhfuil imní orthu go mbíonn aipeanna fóin phóca ag bailiú sonraí uathu gan a dtoiliú. Tá imní ar sheachtar as deichniúr Eorpach faoin dóigh a bhféadfadh cuideachtaí an fhaisnéis a nochtann siad a úsáid. Trí chosaint sonraí a neartú, d'fhéadfaí cuid den mhuinín sin a thabhairt ar ais.

In Eanáir 2012 leag an Coimisiún Eorpach amach dréacht-reachtaíocht ach ní mór do chomhreachtóirí an AE, is iad sin an Pharlaimint agus Comhairle an AE, glacadh leis an dréacht sin chun dlí a dhéanamh de. Táthar ag tnúth go ndéanfar sin faoi dheireadh na bliana.

Tá bearta á bplé ag an AE faoi láthair freisin chun muinín as sreabhadh sonraí idir an AE agus SAM a athbhunú.

Cearta cosanta sonraí

Is é atá i gceist le sonraí pearsanta gach rud ó sheoladh duine go faisnéis mhíochaine nó poist ar láithreáin líonraithe shóisialta. Tá an ceart ag saoránaigh an AE go ndéanfar a sonraí pearsanta a chosaint faoin gCairt um Chearta Bunúsacha Deutsch (de) English (en) français (fr) .

Tairbhí do ghnólachtaí

D'fhágfadh na tograí go dtiocfadh laghdú ar na costais riaracháin ar ghnólachtaí - meastar go sábhálfaí €2.3 billiún in aghaidh na bliana.

Chruthófaí cothrom iomaíochta freisin ós rud é go mbeadh na rialacha céanna maidir le cosaint sonraí i bhfeidhm ag na cuideachtaí ar fad a fheidhmíonn san AE, fiú cuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den mhargadh aonair.

Beidh roinnt díolúintí ann i gcás gnólachtaí beaga chun an t-ualach riaracháin orthu sin a laghdú.

Lá Cosanta Sonraí an AE - glac páirt sa díospóireacht

Chun Lá Cosanta Sonraí an AE a chomóradh ar an 28ú Eanáir, beidh saineolaithe de chuid an AE ag freagairt ceisteanna faoi chosaint sonraí beo ar Twitter óna 12 go dtí a 13:30 ALE ar an 28ú Eanáir. Is féidir bheith rannpháirteach trí na haischlibeanna #EUdataP agus #EUchat a úsáid.

Preaseisiúint - Athchóiriú ar chosaint sonraí - Togra ón AE българскиčeštinadanskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Ceisteanna coitianta - Athchóiriú ar chosaint sonraí English

Preaseisiúint - An AE go dtí SAM: muinín as sreabhadh sonraí a athbhunú българскиčeštinadanskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links