Cosán nascleanúna

Deir an AE gur gá beart a dhéanamh chun stop a chur le leathadh an antoisceachais - 16/01/2014

An Coimisinéir um Ghnóthaí Baile Cecilia Malmström © AE

Sa phlean gníomhaíochta 10-bpointe a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach le déanaí, iarrtar ar thíortha an AE bheith níos gníomhaí ó thaobh dul i ngleic le fadhb an fhoréigin antoiscigh.

Sa phlean seo iarrtar bearta níos láidre agus comhordaithe a dhéanamh chun dul i ngleic le radacú daoine a d'fhéadfadh a bheith ina sceimhlitheoirí amach anseo, agus leis an antoisceachas foréigneach polaitiúil atá ag teacht chun cinn ar fud na hEorpa.

Tacú le straitéisí scoir

Ar cheann de na príomh-mholtaí tá bearta a dhéanamh chun daoine a stopadh ó éirí gafa le gníomhaíochtaí antoisceacha ar an gcéad dul síos, nó a chur ina luí orthu a gcúl a thabhairt le hidé-eolaíochtaí radacha. Chun an méid sin a bhaint amach, ba mhaith leis an gCoimisiún tíortha an AE cláir a fhorbairt a spreagfadh antoiscigh timpeallachtaí radacaithe a fhágáil ina ndiaidh agus droim láimhe a thabhairt leis an bhforéigean.

Iarrtar sa phlean freisin mol faisnéise a chruthú don AE ar fad ina roinnfí faisnéis, taighde agus dea-chleachtais i dtaobh déileáil le hantoisceachas polaitiúil. Moladh eile is ea leas a bhaint as fóraim phlé ar an idirlíon agus as na meáin shóisialta chun dul i ngleic le scaipeadh bolscaireachta agus nósanna atá i bhfeidhm le daoine a earcú ar líne.

Dul i ngleic le radacú lasmuigh den Eoraip

Níl na bearta atá á moladh dírithe ar fhoréigean antoisceach san Eoraip amháin a chosc ach, chomh maith leis sin, ar bhac a chur ar na daoine atá ina gcónaí san Eoraip a bhíonn ag taisteal thar lear gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh, freastal ar champaí traenálaithe do sceimhlitheoirí nó bheith ag troid in áiteanna ina bhfuil coimhlintí. Is minic a éiríonn daoine a bhíonn bainteach lena leithéid níos radacúla, agus nuair a fhilleann siad ar an Eoraip, is mó an baol iad don tslándáil inmheánach.

Cuirfidh an Coimisiún airgead i leataobh chun daoine atá ag obair ag an líne tosaigh, mar shampla oifigigh um fhorghníomhú an dlí agus oifigigh phríosúin agus oibrithe sóisialta, a oiliúint leis na daoine a d'fhéadfadh a bheith ina radacaigh a aithint agus le cabhrú leo.

Toradh dhá bhliain oibre a rinne an Líonra Feasacht ar an Radacú (RAN) iad na 10 moladh sin. Bhunaigh an Coimisiún RAN in 2011, agus grúpa de 700 saineolaí agus daoine atá ag obair ag an líne tosaigh ó gach cearn na hEorpa atá i gceist ann.

Tá €20 milliún curtha i leataobh ag an gCoimisiún chun cabhrú na moltaí a chur chun feidhme sna ceithre bliana amach romhainn.

Preaseisiúint: Freagra an AE ar radacú agus antoisceacha foréigneachбългарскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomi

An Líonra Feasachta ar an Radacú (RAN) English (en)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links