Cosán nascleanúna

Reding ina hóstach ar idirphlé ar líne ar thodhchaí na hEorpa - 14/01/2014

Viviane Reding © AE

An 16 Eanáir ar a 7 a chlog tráthnóna, beidh Leas-Uachtarán an AE Viviane Reding ag comhrá beo le saoránaigh ar fud na hEorpa ar YouTube.

Is spéis leis an AE do thuairimí faoi na ceisteanna atá os ár gcomhair uile san Eoraip, ina measc an ghéarchéim gheilleagrach, ár gcearta mar shaoránaigh AE agus treo na hEorpa feasta.

Le bheith páirteach sa phlé, cuir do cheisteanna agus tuairimí ar Twitter, Facebook agus Google+, leis na haischlibeanna #askReding agus/nó #eudeb8.

Euronews a bheidh ina chathaoirleach ar an bplé agus roghnóidh sé daoine le páirt a ghlacadh, ar bhonn na gceisteanna is suimiúla agus is dúshlánaí ar na meáin shóisialta. Roimh an bplé beidh agallamh beo 'comhrá domhanda' leis an gCoimisinéir Reding.

Idirphlé na Saoránach in 2014

Thosaigh idirphlé na saoránach in 2013 mar chuid de Bhliain Eorpach na Saoránach, agus Coimisinéirí an AE ag plé cearta saoránach agus todhchaí na hEorpa ar fud an AE.

Tugann na díospóireachtaí sin deis do dhaoine labhairt go díreach le polaiteoirí maidir lena gcearta mar shaoránaigh AE, an cineál Eorpa is mian leo bheith ina gcónaí inti agus a n-ionchais don Aontas Eorpach.

Tar éis níos mó ná 30 cruinniú i hallaí baile ar fud na hEorpa, is mithid an plé a chur ar líne. An tseachtain seo caite bhí an Leas-Uachtarán Reding in idirphlé le 5 bhlagaire cháiliúla Eorpacha, Déardaoin beidh an plé oscailte do gach Eorpach.

Leanfar leis an bplé in 2014 agus 7 ndíospóireacht bhreise beartaithe sa Danmhairg, sa Ríocht Aontaithe, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Ísiltír, sa Rómáin agus sa Bheilg.

Féach ar an bplé beo

Féach ar agallamh Reding beo (Euronews)

Preaseisiúint - idirphlé beo ar líne le Leas-Uachtarán an AE, Viviane Reding българскиčeštinadanskDeutscheesti keelEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltipolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Idirphlé leis na saoránaigh English (en)

Díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa English (en)

Bliain Eorpach na Saoránach 2013

Glac páirt sa díospóireacht Eorpach

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links