Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna
Má thuigeann tú do chearta mar shaoránach de chuid an AE, beidh tú in ann a sochar a thairbhiú - amhail cónaí is obair in aon áit san Aontas.
Is iomaí duine ná fuil fios a gceart aige mar shaoránach de chuid an AE, is ná tairbhíonn iad dá dheasca sin. Thaispeéin suirbhé in 2010 ![]()
![]()
nárbh eol ach do 43% cad ba bhrí leis an téarma “saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh” agus deir beagnach a leath ná fuil siad “ar an eolas” faoina gcearta.
Tá faoin gclár AE chlár Eoraip na Saoránach ![]()
![]()
feascht daoine faoi na cearta sin a ardú – agus féiniúlacht Eorpach a chothú.
Críochnóidh an clár reatha 7 mbliana in 2013. Don chéad bhabhta eile maoiniúcháin, go 2020, tá faoin gCoimisiún a bhuiséad €229m ar dhíriú ar thuiscint níos fearr den AE, a luachann, a chultúr is a stair, a chothú.
Cabhróidh an maoiniú le daoine bheith gníomhach i bplé is i ndíospóireachtaí faoi thionchar an AE ar a saol laethúil.
Sampla amháin is ea tacú an chláir do nascadh bailte. Maoiníonn sé líonraíocht eatarthu agus cabhraíonn sé leo chun comhthionscadail áitiúla a fhorbairt.
Cearta na saoránach a áirithiú
Feasacht a ardú, cuid cuid de chur chuige an Choimisiúin chun tacú le cearta na saoránach ar fud an Aontais – fara cur chun feidhme éifeachtach agus simpliú praiticiúil ar a gcur i bhfeidhm.
D'aithin tuairisc faoi shaoránacht in 2010 ![]()
![]()
![]()
na príomh-bhacainní roimh dhaoine is iad ar iarraidh a gceart, agus 25 beart is gá don AE a ghacadh chun iad a dhíothú.
Is iomaí ceann acu ar gníomhaíodh faoi cheana féin. An tseachtain seo, mar shampla, dhein an Coimisiún togra ![]()
![]()
![]()
chun an ceart ar chosaint chonsalach thar lear a neartú. Molann togra ![]()
![]()
slite chun fadhbanna cánach a bhaineann le hoidhreacht thrasteorann a réiteach.
Cad is saoránacht Eorpach ann?
Gach náisiúnach de chuid tíre AE, is saoránach de chuid an Aontais é/í. De bhreis ar phribhléidí náisiúnta, tá sraithe bhreise ceart acu, a ráthaítear i gconarthaí an AE agus i gCairt na mBuncheart de chuid an AE
.
Tugann saoránacht an ceart do dhaoine le hoibriú, taisteal, dul chun cónaithe i ngach ceann de na 27 ballstát - amhail is dá mbeidís ina dtír féin.
Breis faoi do chearta mar shaoránach AE ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()