Cosán nascleanúna

Cabhraigh linn tacú le do chearta - 20/08/2012

Garsún ina shuí cois locha agus bád bréagáin ar a bhfuil ciorcal réaltaí an AE ar a sheolta gorma sa lámh aige @ AE

Cuir ar an eolas sinn faoi fhadhbanna a bhuail leat is tú ag taisteal, ag staidéar, ag obair nó ag cónaí i dtír eile san AE.

Is chun do chearta mar shaoránach AE a neartú, agus tacú leo, atá an Coimisiún ann. Sin an fáth go bhfuil eolas uainn faoi do thaithí ar na cearta sin a fheidhmiú.

D'fháilteoimis roimh mholtaí uait faoin tslí chun aon bhacainní a bhuail leat is tú ag staidéar nó ag obair i dtír eile san AE, mar shampla, a chur as bealach.

Tig leat do smaointe a nochtadh linn trínár gcomhairliúchán faoi chearta saoránachta (go dtí 9 Meán Fómhair 2012). Saibhreoidh do thaithí is do chuid smaointe ár dtograí sa chéad tuarascáil saoránachta eile uainn, a bhfuil súil léi in 2013.

D'aithin an tuarascáil roimpi sin 25 beart pdf - 758 KB [758 KB] Deutsch (de) English (en) français (fr) ar cheart don AE iad a ghlacadh chun do chearta a dhéanamh níos éifeachtaí go praiticiúil. Tá na gníomhaíochtaí sin faoi lánseoil. Ina measc tá rómhaorlathas a laghdú do dhaoine agus carr á chlárú Deutsch (de) English (en) français (fr) i dtír eile san AE acu agus fadhbanna a bhaineann le cáin oidhreachta thrasteorann Deutsch (de) English (en) français (fr) a réiteach.

Do chuid ceart

Mar náisiúnach de chuid tíre san AE, is saoránach AE freisin tú. Fara pribhléidí náisiúnta, tá sraith ceart bhreise agat, lenar aontaigh 27 ballstát an AE agus a ráthaíonnn conarthaí an AE. Dá bhrí sin, tá de cheart agat:

  • taisteal is bheith i do chónaí aon áit san AE
  • go bpléifí leat ar chomhchéim le gach saoránach eile de chuid an AE (gan idirdhealú de bharr do náisiúnachta)
  • vótáil is seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin áitiúla is i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa pé áit san AE a bhfuil cónaí ort
  • cabhair a fháil ó ambasáid nó ó chonsalacht tíre eile AE is tú lasmuigh den AE (mura bhfuil ionadaíocht ag do thír féin inti) ar chomhchéim le saoránach ón tír sin
  • achainí a dhéanamh ar Pharlaimint na hEorpa nuair a chastar fadhb ort, nó gearán leis an Ombudsman Eorpach

Fairis sin, tá cearta eile agat – amhail cearta mar thomhaltóir is rud éigin ó thír eile AE nó ar an Idirlíon á cheannach agat.

Cabhair is comhairle ar do chearta mar shaoránach AE

Saol na saoránach a éascú - lean na moltaí reatha Deutsch (de) English (en) français (fr)

2013 – bliain Eorpach na saoránach English (en) français (fr)

Tuilleadh eolais faoin gcomhairliúchán pdf - 151 KB [151 KB] български (bg) čeština (cs) dansk (da) Deutsch (de) eesti keel (et) ελληνικά (el) English (en) español (es) français (fr) italiano (it) latviešu valoda (lv) lietuvių kalba (lt) magyar (hu) Malti (mt) Nederlands (nl) polski (pl) português (pt) română (ro) slovenčina (sk) slovenščina (sl) suomi (fi) svenska (sv)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links