Cosán nascleanúna

Tá an AE ag cur nirt sa troid i gcoinne na gáinneála - 19/06/2012

Tá sé i gceist le bearta comhordaithe i gcoinne na gáinneála íospartaigh a chosaint agus díriú níos éifeachtaí ar choirpigh.

Ba mar dhílleachta a tháinig Agnès Englishfrançais ó Chósta Eabhair na hAfraice toisc gur gealladh seans di oideachas a fháil. Ina ionad sin, áfach, bhí uirthi glacadh le hobair mar chailín aimsire gan phá. Tháinig Teodora Englishfrançais ón Rómáin agus cuireadh iallach uirthi oibriú mar striapach sa Bheilg.

Níl ansin ach dhá shampla de na céadta míle duine fásta agus óg a bhí nó atá ina sclábhaithe san AE - cuirtear brú orthu bheith ina striapacha, ina lucht déirce, ina saothraithe, ina gcailíní aimsire, nó glacadh le hobair eile gan phá nó ar bheagán airgid.

Tugtar le fios i suirbhé English go bhfuil formhór de mhuintir na hEorpa (93%) den tuairim go gcaithfidh Ballstáit an AE comhoibriú chun deireadh a chur leis an ngáinneáil. Mar bheart ina leith sin, tá an Coimisiún ag socrú bearta tosaíochta is féidir leis na rialtais a dhéanamh le chéile DeutschEnglishfrançais sna 5 bliana amach romhainn le cuidiú le híospartaigh agus le gáinneálaithe a chur faoi ghlas níos tapa. Ar na bearta sin tá:

  • cuidiú le híospartaigh, go háirithe leanaí – cur chuige trasteorann a fhorbairt le go dtig le tíortha cuidiú le chéile chun íospartaigh a aimsiú agus a chosaint; eolas níos soiléire a thabhairt d'íospartaigh faoin gcearta san AE
  • níos mó coisc, níos lú éilimh – taighde a mhaoiniú le tuiscint níos fearr a fháil ar dhomhan na gáinneála agus réitigh a mholadh; comhghuaillíocht ghnó uile-Eorpach a bhunú i gcoinne na gáinneála
  • gáinneálaithe a ghabháil agus an dlí a chur orthu – sainaonaid náisiúnta imscrúdaithe a bhunú le breis comh-imscrúduithe a dhéanamh le gníomhaireachtaí an AE ar nós Europol English
  • breis comhordaithe agus comhoibrithe – laistigh den AE, le heagrais idirnáisiúnta agus le tíortha eile, rud a chruthódh líonraí uile-AE d'eagrais neamhrialtais agus eile a dhéanann íospartaigh a chosaint san Eoraip agus thar lear
  • na treochtaí atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh go cuí – córas uile-AE a chruthú do mhalartú faisnéise agus tacú le taighde ar an idirlíon agus ar líonraí sóisialta a úsáidtear chun íospartaigh a aimsiú.

Na chéad chéimeanna eile

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus rialtais an AE na tograí nua seo a mheas. Is comhlánú iad ar dhlí AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a glacadh anuraidh lena mbunaítear comhchaighdeáin chun an dlí a chur ar gháinneálaithe agus íospartaigh a chosaint. Beidh go dtí Aibreán 2013 ag na Ballstáit na rialacha a chuimsiú ina ndlíthe náisiúnta.

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil gach 2 bhliain ar dhul chun cinn na mBallstát sa troid i gcoinne na gáinneála, agus is in 2014 a bheidh an chéad tuarascáil.

Tuilleadh faoi bhearta an AE i gcoinne na gáinneála ar dhaoine English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links