Cosán nascleanúna

Bearta AE a neartódh dlíthe ar shócmhainní ó choireacht thromchúiseach nó eagraithe a urghabháil.

Déanann grúpaí coirpeach na billiúin euro i mbrabús mídhleathach gach bliain. Ansin infheistítear formhór na bhfáltas i sóchmhainní nó i ngníomhaíochtaí dleathacha, rud a dhéanann é deacair do na póilíní nó do ghníomhaireachtaí chun an dlí a chur i bhfeidhm iad a aimsiú nó a fháil ar ais.

Is beag an méid a choigistítear ó ghrúpaí coirpeach. Mar shampla, sa RA, rinne an choireacht eagraithe thart ar £15 billiún (€18 billiún) in 2006, is ní bhfuarthas ar ais ach £125 milliún (€150 milliún).

Tá comhrialacha ag an AE ar shócmhainní a fuarthas ó ghníomhaíochtaí mídhleathacha a choigistiú. Ach léiríodh nach imleor English na rialacha sin. Ní chuireann tíortha i bhfeidhm go comhsheasmhach iad, is cuirtear isteach ar an gcoigistiú de dheasca éagsúlacht na ndlíthe náisiúnta.

Tá an Coimisiún ag díriú ar rialacha níos simplí is níos éifeachtaí chun bearna thairbheach na gcoirpeach a dhúnadh. Fairis sin, cinneoidh siad go mbeidh cúirteanna in ann orduithe ar choigistiú a chur i bhfeidhm ar fud an AE is sócmhainní mídhleathacha a fháil ar ais go hiomlán.

Slí éifeachtach le coireacht a chomhrac is a dhíspreagadh is ea an coigistiú. Chomh maith leis sin, coscann sé maoin mhídhleathach a úsaid le gníomhaíochtaí coiriúla eile a mhaoiniú is cosnaíonn sé an geilleagar dlisteanach ó insíothlú na gcoirpeach. Ar na tograí tá comhbhearta English :

  • a éascaíonn coigistiú na sócmhainní a bhfuil nasc soiléir acu le gníomhaíochtaí coiriúla an duine a daoradh
  • a shimplíonn na nósanna imeachta le sócmhainní a fháil ar ais má tugadh iad do dhaoine ar cheart go mb'eol daoibh gur ó choireanna a fuarthas iad
  • a cheadaíonn sócmhainní a choigistiú nuair nach féidir coirpeach a dhaoradh toisc é a bheith marbh, breoite go buan nó ar a theitheadh
  • a chinntíonn gur féidir le hinchúisitheoirí is le húdaráis eile sócmhainní a reo go sealadach sula "n-imíonn siad as amharc"
  • a éilíonn go mbainisteoidh tíortha an AE sócmhainní reoite nó coigistithe chun a luach a choimeád.

Cuid de shraith tograí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún chun coireacht a chomhrac is an geilleagar dleathach a chosaint is ea na bearta. Ar na tograí áirítear pacáiste beart frith-éillithe English , mar shampla.

I suirbhé AE le déanaí DeutschEnglishfrançais , chuir freagróirí comhrac na coireachta ar bharr an chláir nuair a fiafraíodh díobh cad ba cheart do chumadóirí beartas a dhéanamh chun an AE a neartú.

Breis faoi choigistiú is faoi shócmhainní a fháil ar ais English

Breis faoi bheartas an AE ar an dlí coiriúil DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links