Cosán nascleanúna

Tosaíocht d'Íospartaigh - 20/05/2011

Bean ina suí ar an talamh, is a ceann sna lámha aici © iStock/Aldo Murillo

Tá faoin gCoimisiún a mholadh go dtabharfaí íosleibhéal ceart d'íospartaigh cionta ar fud an Aontais Eoropaigh.

Ionsaíodh agus gortaíodh turasóir Polannach go dona agus é ar cuairt i bPáras. Tugadh fogha faoi dhéagóir Iodálach is é ag teacht amach as stáisiún meitreo i Heilsincí. Cláraítear 30 milliún coir gach bliain san AE — agus b'fhéidir go mbíonn 75 milliún íospartach sa bhliain, agus an iliomad coireanna ná tuairiscítear do na póilíní a chur san áireamh.

Uaireanta méadaítear suaitheadh fisiciúil is síceolaíoch na n-íospartach de dheasca ghníomhaíocht neamhoiriúnach na bpóilíní agus ghairmiúlaigh an cheartais. Cuirtear leis an bhfadhb nuair a bhíonn siad thar lear is go mbuaileann siad le teanga iasachta is le córas dlí anaithnid.

Ní hionann reachtaíocht na mBallstát sa réimse seo fós. Sin an fáth go bhfuil sraith beart DeutschEnglishfrançais á moladh ag an gCoimisiún a ráthóidh comhleibhéal cosanta, tacaíochta is rochtana ar an gceartas d'íospartaigh i ngach tír san AE.

Ar na bearta sin áirítear:

  • a ráthú go n-oilfear gairmiúlaigh an cheartais agus na póilíní chun plé leis na híospartaigh le meas is iad a chur ar an eolas i gceart faoina gcearta;
  • cosaint ar leith a thabhairt do na híospartaigh is leochailí amhail leanaí, daoine faoi éalang nó íospartaigh a éigníodh. Mar shampla, ceadófar dóibh a gcuid fianaise a thabhairt i gcomhdháil físe ionas ná beidh siad i dteagmháil dhíreach lena n-ionsaitheoir;
  • seirbhísí um chabhair shíceolaíoch is phraiticiúil a thairiscint do na híospartaigh. Mar sin, teaghlach a ndearnadh buirgléireacht orthu, d'fhéadfaí cabhrú leo dul i dteagmháil le glasadóir;
  • íospartaigh a chur ar an eolas i dteanga a thuigeann siad. Más gá, tabharfar cabhair dhlí is airgid dóibh chun a gcostais taistil a chumhdach ionas go bhféadfaidh siad bheith i láthair ag an triail.
  • Fairis sin, tá an Coimisiún ag moladh go dtabharfaí aitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta DeutschEnglishfrançais . Mar shampla, sa tslí sin beidh cinnteacht ag íospartaigh an fhoréigin laistigh den phósadh go leanfaidh an chosaint atá acu ó chinneadh an choimhthithe, go leanfadh sí bailí agus iad ag taisteal i dtír eile san AE.

    Mar bhuille scoir, tá rialacha an AE faoi chúiteamh, go háirithe i gcás tionóiscí bóthair, le neartú sna blianta amach romhainn.

    Foghlaim a thuilleadh faoi chosaint íospartach san AE. English

    Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

     

    An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

    Fuair Ní bhfuair

    Cad a bhí uait?

    An bhfuil aon mholtaí agat?

    Useful links