Cosán nascleanúna

Scaradh lánúineacha idirnáisiúnta: deireadh na cruacheiste - 21/03/2011

Fear is bean agus cúl á thabhairt acu dá chéile © iStock

Faoi rialacha Eorpacha nua ar chearta maoine na lánúineacha idirnáisiúnta déantar an deimhneacht dhlíthíúil a neartú agus costais agus fad na nósanna imeachta i gcás idirscartha a laghdú.

Is mó i gcónaí líon na nEorpach a phósann duine a bhfuil náisiúntacht éagsúil acu. Tá lánúineacha eile arb as an tír chéanna iad, ach a bhfuil cónaí thar lear orthu -- uaireanta gach duine acu ina gcónaí i dtír éagsúil. B'ionann líon na lánúineacha idirnáisiúnta sin agus 13 % na bpóstaí san AE in 2007.

I gcás colscartha, idirscartha, nó céile amháin bás a fháil, bíonn fíor-aimhréidh dhlíthiúil ann maidir le roinnt na n-earraí, a bhíonn i dtíortha éagsúla go minic. Cén reachtaíocht is infheidhme? Reachtaíocht na tíre ina bhfuil cónaí orthu? Reachtaíocht a dtíortha dúchais? Reachtaíocht na tíre ina bhfuil an t-earra? Cén chúirt is ceart a úsáid? Meastar go gcosnaíonn na nósanna imeachta casta sin € 1.15 billiún euro sa bhliain.

Tá faoi rialacha nua an Chomisiúin an cás a shoiléiriú is na costais a laghdú, ach fairis sin, duine de na céilí a chosc ó theacht i dtír ar an dlí i dtír amháin chun aimhleasa an duine eile.

Baineann na socruithe sin le lánúineacha pósta DeutschEnglishfrançais agus le comhpháirtíochtaí cláraithe DeutschEnglishfrançais , atá aitheanta i 13 Bhallstát. In 2007, thug lánúineacha idirnáisiúnta thart ar 41, 000 comhpháirtíocht chláraithe i gcrích san Aontas Eorpach.

Ní fada go mbeidh lánúin ar tí colscaradh in ann an tír a roghnú, a roinnfear na hearraí de réir a reachtaíochta, fara an chúirt inniúil. Mura n-aontaíonn siad, roghnófar an reachtaíocht is an chúirt ar bhonn liosta critéar a thaispeánfaidh cén tír lena bhfuil na naisc is dlúithe ag na céilí. Agus comhpháirtíocht chláraithe á díscaoileadh, ís í reachtaíocht na tíre inar tugadh chun crích í a bheidh infheidhme, agus fágfar faoin lánúin an chúirt a roghnú. Anseo freisin, tá critéir chun an rogha a dhéanamh más rud é ná haontóidh na comhpháirtithe.

Ghlac an AE le reachtaíocht a thug cead do lánúineacha idirnáisiúnta an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme dá gcolscaradh a roghnú anuraidh. Ghlac 14 Bhallstát leis an téacs, ná cumhdaíonn ceisteanna maoine, áfach.  

Breis eolais faoi dhlí an teaghlaigh san AE DeutschEnglishespañolfrançaisitalianopolski

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links