Cosán nascleanúna

Cearta níos láidre do leanaí - 17/02/2011

Leanbh fara brat an AE i gcoill © AE

Tá sé beartaithe ag an AE leanaí a chosaint agus seasamh ar son a gceart san Eoraip agus thar lear.

Agus cúram ar an gCoimisiún cearta an linbh a chosaint, tá 11 beart molta aige - go príomha athruithe sa dlí agus tacaíocht d'údaráis i dtíortha an AE:



  • dlíthe chun leanaí a chosaint níos fearr (mar ghrúpa atá go mór i mbaol) le linn imeachtaí dlí agus sa chúirt
  • dlíthe chun leanaí a chosaint nuair is amhrastaigh nó cúisithe ciona iad
  • dlíthe nua chun a áirithiú go n-aithnítear agus go gcuirtear i bhfeidhm cinntí arna ndéanamh ar fhreagracht tuismitheoirí tar éis colscartha nó idirscartha i dtíortha an AE uile
  • gníomh chun treoirlínte ó Chomhairle na hEorpa ar cheartas oiriúnach do leanaí English a chur chun cinn agus lena n-áireamh i reachtóireacht shibhialta agus choiriúil amach anseo
  • tacaíocht le breithiúna agus le ghairmiúlaigh eile a oiliúint chun cabhrú le leanaí sa chúirt
  • oiliúnt níos fearr d'údaráis atá freagrach as leanaí gan tionlacan, lena n-áirítear dóibh siúd a bhfuil tearmann á iarraidh acu san AE
  • aird ar leith ar leanaí i bplean de chuid an AE atá ag teacht aníos chun cabhrú leis na Romaigh imeascadh níos mó sa tsochaí
  • tacaíocht do bheolíne 116 000 do leanaí ar iarraidh an AE a thabhairt isteach go tapa (leis sin, spreagfaí córais rabhaidh trasteorannacha do leanaí a fuadaíodh nó do leanaí atá i mbaol)
  • bearta chun dul i ngleic le cibearbhulaíocht, grúmaeireacht, teagmháil le hábhar dochrach, agus rioscaí eile ar líne a fhrithbheartú tríd an gClár maidir leis an idirlíon a úsáid ar bhonn níos sábháilte English
  • tacaíocht do chomhrac ar fhoréigean i gcoinne leanaí agus ar thurasóireacht gnéis leanaí, agus d'íobartaigh ó choinbhleachtaí faoi airm a chosaint, trí chláir thar lear agus cabhrach daonnúla an AE
  • suíomh gréasain amháin AE ar chearta an linbh

Leagtar amach na beartais sin go mion sa pháipéar beartais ar chearta an linibh DeutschEnglishfrançais ón gCoimisiún.

Chomh maith leis an méid thuas, áireoidh an AE leas an linbh ina bheartais agus a reachtaíocht uile.

Dúirt 78% de na leanaí i suirbhé in 2009 English ná raibh a fhios acu go raibh aon chearta acu agus dúirt 80% ná raibh a fhios acu cé lenar chóir dul i dteagmháil dá mbeadh cúnamh uathu.

Tacaíonn suirbhé AE 2010 ar dheagóirí Englishfrançais leis an méid sin, suirbhé a cuireadh ar ghrúpaí fócais amhail Romaigh, Sintigh, lucht siúil agus daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Tá cearta an linbh cumhdaithe i ndlí an AE, go háirithe i gCairt na mBuncheart danskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska , a bhfuil dualgas ar an AE agus a bhallstáit géilleadh dóibh. Dhaingnigh na 27 tír uile Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh freisin.

Breis ar chearta an linbh English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links