Cosán nascleanúna

Cosantóirí chearta an duine a chosaint - 10/12/2010

Cartún ina dtaispeántar scáth fearthainne os cionn fir atá ag tabhairt dídine d'fhear eile © AE

Tá an AE ag tabhairt onóra dóibh siúd a oibríonn chun cearta an duine a chur chun cinn, a chuireann a saol féin i mbaol go minic le linn an phróisis sin, an 10 Nollaig - Lá Chearta an Duine.

Tairgeann dearbhú a d'eisigh Ardionadaí Catherine Ashton tacaíocht do 'na daoine aonair misniúla sin' a oibríonn 'chun deireadh a chur le sáruithe chearta an duine pé áit a dhéantar iad ar domhan'.

Tugtar cosantóirí chearta an duine ar na daoine aonair agus na grúpaí a dhéanann saoirsí agus cearta an duine a aithnítear ar fud an domhain a chur chun cinn agus a chosaint. Tá cearta polaitiúla agus sibhialta a chur chun cinn agus a chosaint á lorg acu chomh maith le cearta cultúrtha, sóisialta is geilleagracha a chur chun cinn, a chosaint agus a bhaint amach.

Tá na NA ag tarraingt airde ar chúpla duine de na daoine sin a chaitheann a saol ar son na gcuspóirí thuas. Áirítear ar na daoine aonair daoine a throideann ar son chearta na bpríosúnach a chosaint; cearta na ndaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscne; cearta na ndaoine dúchasacha; agus manach ag úsáid teicneolaíochta nua-aimseartha chun an fhulaingt a thugann goid talún a thaifeadadh.

Ceiliúrfaidh ócáidí timpeall an AE agus in áiteanna eile Lá Chearta an Duine. Sa Bhruiséil beidh díospóireacht le feachtasóirí tar éis an scannáin 'Leanaí Cogaidh EnglishfrançaisNederlands ' a thaispeáint.

San Táidsíceastáin beidh sraith seimineár ar siúl, a chomh-mhaoineoidh an tAontas Eorpach, agus sa Nigéir tabharfaidh ionadaithe an AE cuairt ar a coimisiún um chearta an duine. Tugadh cuireadh do chosantóirí agus d'eagraíochtaí Colómacha um chearta an duine chuig Toscaireacht an AE an 10 Nollaig, agus beidh ceiliúradh chearta an duine in Iosrael comh-mhaoinithe ag Toscaireacht an AE ann.

Le buiséad de €1.1 billiún don tréimhse 2007-2013, úsáidtear an 'Ionstraim Eorpach do Dhaonlathas agus do Chearta an Duine Englishfrançais ' chun tacú le heagraíochtaí neamhrialtasacha a bhíonn i mbun feachtais do chearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint. Cuirtear timpeall €40 milliún ar leataobh chun tacú le cosantóirí chearta an duine go sonrach. Sa bhliain 2010, fuair breis is 150 duine aonair a bhí i mbaol an tacaíocht sin.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links