Cosán nascleanúna

Litir na gceart d'amhrastaigh choiriúla - 22/07/2010

Dealbh mná agus scálaí an cheartais os comhair bhratach an AE aici © CE

Tugann an Coimisiún isteach reachtaíocht a cheanglódh ar thíortha an AE eolas a gceart i scríbhinn a thabhairt d'amhrastaigh ag am a ngafa Tá an moladh ag teacht tar éis reachtaíochta le déanaí a thug ceart aistriúcháin is ateangaireachta d'amhrastaigh

Cuid d'iarracht chun caighdeáin Eorpacha d'imeachtaí coiriúla is ea an dréacht-dhlí English , atá á moladh an tseachtain seo, is a cheanglódh go dtabharfaí ráiteas i dteanga shimplí, laethúil, is go n-aistreofaí é dá mba ghá sin.

Úsáideann 12 thír AE litreacha seo na gceart seo cheana féin. Tá cinn eile ná tugann eolas ach ó bhéal nó i bhfoirm scríofa ná tuigfeadh ach gairmiúlaigh dhlí. Ní thugann cuid mhaith tíortha an t-eolas mura n-iarrann an t-amhrastach é.

Sa mholadh tá sampla de ráiteas in 22 teanga de chuid an AE. Fágtar tíortha saor, ámh, chun an fhoclaíocht is rogha leo féin a úsáid.

Dúirt Coimisinéir an Cheartais Viviane Reding go gcinnteodh an dlí "go gcuirfí cách, gach áit san AE, ar an eolas faoina gcearta." Ach go háirithe, thabharfadh sé breis suaimhnis aigne d'Eorpaigh is iad ag taisteal thar lear.

Trasnaíonn na céadta míle saoránanach AE teorainneacha náisiúnta gach lá. Glacann thart ar 47% de Ghearmánaigh, 34% de Bhriotanaigh agus 16% d'Iodálaigh saoire i dtíortha eile san AE.

Níl sa dréacht-dhlí ach an dara céim i sraith moltaí atá á pleanáil chun comhchaighdeáin AE in imeachtaí coiriúla a bhunú.

Bíonn breis is 8 milliún imeacht coiriúil san AE gach bliain. Leagann conarthaí an AE amach cé na cearta a bhfuil amhrastaigh ina dteideal, ach go dtí seo bhí saoirse ag tíortha a chinneadh conas iad a chur i bhfeidhm.

Sna cúpla bliain romhainn, tá faoin AE corpas cuimsitheach dlí a thógáil, ag baint úsáide as cumhachtaí nua faoi Chonradh Liospóin. De bharr an chonartha, tig leis an AE bearta a ghlacadh anois chun cearta an duine aonair a fheabhsú is a neartú.

Níos luaithe i mbliana, thug an Coimisiún reachtaíocht isteach a cheanglaíonn ar thíortha an AE seirbhísí aistriúcháin is ateangaireachta a chur ar fáil d'amhrastaigh. Anois tá an bille ar an tslí chun go ndéanfaí dlí de.

Dhá mholadh atá ar na bacáin, baineann siad leis an gceart chun dlíodóir a fháil agus chun labhairt le gaolta, le fostóirí is le feidhmeannaigh chonsalacha.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links