Cosán nascleanúna

Léas ar leatrom - 29/04/2010

Lógó duaise © EU

Comórtas bliantúil AE a aithníonn iriseoireacht a nochtann ceisteanna leatroim san Eoraip.

Deir thart ar 16% na nEorpach a ceistíodh i suirbhé DeutschEnglishfrançais de chuid an AE le déanaí gur deineadh leatrom orthu uair amháin ar a laghad le bliain anuas. Is cosúil uaidh sin gur fadhb fhorleathan an leatrom agus nach le grúpaí mionlaigh amháin a bhaineann sé.

Is iomaí dlí AE in aghaidh an leatroim, agus is i 1957 a ritheadh an chéad reachtaíocht faoi chomhionannas inscne. In 2000 ghlac an AE dlíthe úrnua i gcoinne leatroim sa láthair oibre ar fhoras cine, eitneachta, reiligiúin, míchumais, aoise nó claonadh gnéis. Toirmeascadh claontacht chiníoch nó eitneach san oideachas, sa tslándáil shóisialta, sa chúram sláinte is i rochtain ar earraí is ar sheirbhísí, lena n-áirítear tithíocht.

Ach d'fhonn dlíthe a dhéanamh éifeachtach, ní mór fios a gceart a bheith ag daoine. Tig leis na meáin feasacht a ardú, agus tugann duais na n-iriseoirí aitheantas dóibhsiúd a dhéanann a leithéid.

Don séú bliain as a chéile, chuir tuairisceoirí ó gach cearn de AE samplaí dá gcuid oibre leatroim faoi bhráid giúiré ina dtír féin. Ba ghá gur scéalta iad a foilsíodh i nuachtáin, in irisí nó ar líne. Dhein gach giúiré náisiúnta a rogha, is fágadh an cinneadh deiridh faoi phainéal neamhspleách meán-ghairmiúlach agus saineolaithe. D'fhógair Coimisinéir an Cheartais Vivian Reding na buaiteorí English innniu, agus b'ise a thionscain comórtas na bliana seo.

Toisc gur fhógair an AE 2010 ina bliain i gcoinne an bhochtanais българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska , bronnadh duais ar leith an uair seo ar an scéal is fearr a léirigh an nasc idir chruatan airgeadais agus leatrom.

Níl i nduais na n-iriseoirí ach ceann amháin den iliomad gníomhaíochtaí a eagraíodh mar chuid den fheachtas frith-leatroim , a thacaíonn le comhpháirtíochtaí is le roinnt eolais ar fud an AE. Ó seoladh in 2003 é, reáchtáil sé comórtais póstaer agus grianghraf, imeachtaí spóirt agus comhdhálacha. Is iomaí modh oibre atá ag an bhfeachtas, ach tá a chuspóir soiléir: plé a dhúiseacht faoi leatrom, is faoin tairbhe a thugann comhionannas is éagsúlacht dúinn uile.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links