Cosán nascleanúna

Bainfear leas as na sócmhainní a gabhadh ón Maifia - 02/12/2009

Gluaisteáin agus daoine ar shráid ar a bhfuil seanfhoirgnimh ©EC

Tacaíonn an AE le forbairt dheisceart na hIodáile trí chabhair airgid a thabhairt chun iar-mhaoin an Maifia a athrú go lárionaid oideachais agus gnó.

Conas is féidir pionós a chur ar dhuine atá freagrach as 100 duine eile a dhúnmharú? Agus conas is féidir an timthriall bochtaineachta agus éadóchais atá mar thoradh ar bhlianta d'fhoréigean agus d'imeaglú a bhriseadh? Mar aon le príosúnacht saoil a ghearradh ar cheannasaí míchlúiteach de chuid an Maifia, Giovanni Brusca, ghabh póilíní na hIodáile a chuid sómhainní freisin.

Féadfaidh pianbhreitheanna príosúnachta saoil roinnt sóláis a thabhairt do na daoine sin a ndearna an Maifia dochar dóibh, ach ní réiteoidh siad na fadhbanna bunúsacha a bhaineann le leibhéal ard dífhostaíochta agus le bochtanas, dhá rud a chuir ar chumas na gcoirpeach éirí chomh cumhachtach sin. Is constaic mhór í an choirpeacht eagraithe d'fhorbairt eacnamaíoch Mezzogiorno i ndeisceart na hIodáile, mar cuireann sé isteach ar tháirgiúlacht agus ní mheallann sé infheisteoirí féideartha.

Chuidigh an AE leis na húdaráis Iodálacha 50 áitreabh maoine a gabhadh a athrú go gnó oideachasúil, turasóireacht feirme agus gnó eile – chun poist nua a chruthú agus chun rogha eile a thabhairt do dhaoine óga seachas saol an choirpigh.

Tugann na tionscadail teachtaireacht shoiléir do na daoine áitiúla – is féidir an Maifia a chomhrac agus gnólachtaí rathúla a bhunú ar an taobh ceart den dlí.

Chómhaoinigh an AE oibreacha in Palermo chun talamh de chuid Giovanni Brusca a athrú go háit súgartha agus gairdín cuimhneacháin do na daoine óga ar mharaigh an Maifia iad. Daoine óga cosúil le Giuseppe Di Matteo, a coimeádadh faoi chuing ar feadh breis is 2 bhliain agus a tachtaíodh ansin sula ndearna siad a chorp a leá in aigéad.

In Casalesi (Campania), tógadh ionad ógra ina gcuirtear gníomhaíochtaí oideachasúla agus caitheamh aimsire ar fáil do dhaoine óga agus tógadh ceanncheathrú nua na bpóilíní áitiúla ar thalamh a gabhadh ó Giorgio Marano, iar-cheannasaí an ghrúpa coirpeachta La Comorra.

Tá gach buidéal a tháirgtear ag an bhfíonlann "Centopassi" tiomnaithe do dhuine ar mharaigh an Mafia é nó í. Gabhadh an talamh sin ó Giovanni Genovese, a cuireadh i bpríosún in 2007 ar chúiseanna a bhain le sracadh agus le gníomhaíochtaí coiriúla eile.

Ina iomláine, chuir an AE $64m in áirithe faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska (CFRE) in 2007-13 ar mhaithe le hiar-thalamh an Maifia agus maoin eile a athrú agus a úsáid chun críche eile. Úsáidfear trí cheathrú den airgead sin do chlár um shlándáil agus um fhorbairt sna ceithre réigiún i ndeisceart na hIodáile Calabria, Campania, Apuglia agus an tSicil.

Is í an Iodáil an tríú tairbhí is mó den mhaoiniú AE a chaitear ar fhorbairt réigiúnach, sin tar éis na Polainne agus na Spáinne. Idir 2007 agus 2013, gheobhaidh an Iodáil €28.8 billiún agus tiocfaidh €21.9 billiún den tsuim sin ón gCiste ERDF agus €6.9 billiún ó Chiste Sóisialta na hEorpa.

Breis eolais ar ghníomhaíochtaí an AE i gcoinne na coirpeachta eagraithe DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links