Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna
Dlíthe nua chun na daoine is éislinní a chosaint ó choireanna uafásacha
Tá an Coimisiún ag iarraidh dlíthe níos déine i gcoinne gáinneála ar dhaoine is mí-úsaid gnéis páisti, ag rá nach leor a bhfuil ar siúl in aghaidh na gcoireanna seo i bhfianaise a scála is a dtromchúiseachta.
Déantar gáinneáil ar thart ar 1.2 milliún duine gach bliain, go príomha d'obair shaor is do sheirbhísí gnéis. Mná is cailíní a bhformhór.
Is beag staidreamh iontaofa ar líon na ndaoine ar an ndéantar gáinneáil isteach san Eoraip nó laistigh di, ach is cosúil gur roinnt céadta míle atá i gceist. Fós i 2006, an bhliain is déanaí a bhfuil fáil ar shonraí di, níor thug cúisitheoirí ach 1,500 cás gáinneála coiriúla chun cúirte. Ní raibh ach 3,000 íospartach a fuair cabhair.
Tá an-bhrabús le gnóthú ar gháinneáil ar dhaoine, agus is coirpigh ghairmiúla eagraithe formhór na ngáinneálaithe. Lasmuigh den AE atá a mbunáit ag a bhformhór ach tá líonraí ag fás laistigh de freisin, go háirithe ó leathnaigh an tAontas soir.
De réir athruithe molta ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
an Choimisiúin, misnítear Ballstáit an AE chun saoránaigh AE a chúiseamh as coireanna a rinne siad i dtíortha eile agus feidhm a bhaint as modhanna a úsáidtear do shaghsanna eile coiriúlachta eagraithe, amhail cúléisteacht guthán is gluaiseacht airgid choiriúil a rianú.
Iarrann an togra uirlisí reachtaíochta níos fearr chun gáinneálaithe a phíonósú agus breis cosanta is cabhrach a thabhairt d'íospartaigh. Bhunófaí comhlachtaí náisiúnta neamhspleácha chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme.
Fairis sin, d'athbhreithnigh an Coimisiún reachtaíocht i gcoinne mhí-úsáid gnéis is dhúshaothrú páistí. Anseo freisin, is deacair teacht ar mheastacháin iontaofa. Ach tugann staidéir le tuiscint go bhfuil ardú ar chineálacha áirithe foréigin gnéis i gcoinne páistí san Eoraip agus go ndéantar ionsaithe gnéis ar mhionlach sách mór páistí san Eoraip, idir 10% is 20%, le linn a n-óige.
Tá faoin togra, go háirithe, coir a dhéanamh d'úsáid an Idirlín chun páistí a sheilg agus cur i bhfeidhm na ndlíthe i gcoinne na pornafrafaíochta páistí a threisiú. I 2008 fuarthas breis is 1000 suíomh gréasáin tráchtála agus thart ar 500 suíomh gréasáin neamhthráchtála ar a raibh ábhair mí-úsáide páistí, timpeall 70% acu i SAM.
Thar ceann an Choimisiúin, tá gníomhaireacht AE na mbuncheart
ag forbairt slite chun leas páistí san Eoraip a thomhas, bunaithe ar thosca a bhaineann le timpeallacht teaghlaigh, cosaint ó dhúshaothrú is ó fhoréigean, oideachas agus freagracht chathartha.
Breis eolais faoi ghníomhaíocht an AE i gcoinne na gáinneála ar dhaoine