Cosán nascleanúna

Gníomhaígh na gceart a chosaint - 07/10/2008

Dearbhú uilechoitinn um chearta an duine arna rollú is arna gcoimeád le ribín dearg

Ceiliúrann an tAE Dearbhú NA um Chearta an Duine le hómós d'easaontaigh.

Tá an tuairisceoir Túinéiseach Souhayr Belhassen English i mbun feachtas chun cearta an duine a chosaint le breis is tríocha bliain. Tríd na blianta is minic a d'ionsaigh póilíní i ngnáth-éadaí í. Rinneadh cúléisteacht ar a gutháin, scrúdaíodh a litreacha, dúnadh a hiris sheachtainiúil. Dibríodh as a tír uair amháin í, fiú.

Uafásach mar atá sé, ní scéal neamhghnách atá aici. Is minic a théann easaontaigh ar fud an domhain i mbaol mór chun easpa na gceart a nochtadh. Ní hannamh a thugann siad a saol ar son na gceart.

Chun féile 60 bliain an dearbhaithe uilechoitinn um chearta an duine English a chomóradh, tá an tAE ag tabhairt ómóis do chosantóirí chearta an duine ar fud an domhain. Tá Belhassen, atá anois ina huachtarán ar Chónaidhm Idirnáisiúnta na gConarthaí um Chearta an Duine, ar dhuine de na 27 gníomhaíoch ceart a fuair cuireadh chuig comhdháil English an 7-8 Deireadh Fómhair i bParlaimint na hEorpa. Chuala formhór na nEorpach faoin dearbhú uilechoiteann, ach b'fhéidir nach eol dóibh gur i 2008 a cheiliúrtar cloch mhíle eile i gcearta an duine: Dearbhú na NA faoi chosantóirí chearta an duine English , ar glacadh leis i 1998. Aithníonn an cháipéis seo tábhacht agus dlisteanacht na hoibre a dhéanann gníomhaígh na gceart, chomh maith lena ngá do chosaint níos fearr. Lean an tAE an rian i 2004, nuair a d'eisigh sé tacar treoirlínte English a mhisníonn ballstáit AE chun tacú níos mó le gníomhaígh atá i mbaol.

Bhí uafáis an Dara Cogadh Domhanda fós beo sa chuimhne nuair a síníodh an Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine an 10 Nollaig 1948. B'shin an chéad uair sa stair a tháinig náisiúin le chéile le haontú ar bhunphrionsabail ceartais, comhionannais agus ar chearta do chách.

Aithníodh an dearbhú mar chaithréim láithreach, is d'aontaigh sé réimis pholaitiúla, córais reiligiúnacha is traidisiúin chultúrtha an-éagsúla, a bhíodh in aighneas lena chéile. Seasca bliain níos déanaí, tá sé mar bhunchloch ag dlí idirnáisiúnta chearta an duine, agus mar eiseamláir don iliomad conarthaí is dearbhuithe eile, ina measc an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (1950) agus Cairt AE na mBuncheart (2000). Agus in ainneoin na n-ionsaithe leanúnacha ar uilíocht chearta an duine, ghlac gach tír leis an dearbhú, is tá sé ionchorpraithe ag cuid acu ina mbunreachtanna is ina ndlithe.

Féach ar chomhdháil na Bruiséile beo (7 Deireadh Fómhair, 9.00 – 18.30)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links