Cosán nascleanúna

Ag fáiltiú roimh imircigh - 02/10/2008

Geata an lárionaid imirce in Bamako, Mailí

An chéad lárionad inimirce lasmuigh den AE ullamh chun oibre.

Gach bliain cuireann na mílte Afracach ceann ar an turas contúirteach chun na hEorpa mar imircigh mhídhleathacha. Is minic nach saol níos fearr ach tragóid ar muir a bhíonn rompu.

Feasacht a ardú faoi phriacal na himirce mídhleathaí, sin ceann de chuspóirí an lárionaid nua in Bamako Fraincis, príomhchathair an náisiúin Iar-Afracaigh, Mailí. Ina phointe faisnéise d'imircigh dó, tugann an lárionad treoir faoin imirce dhleathach is cabhraíonn sé le hoiliúint do phoist is chun obair thar lear a chuardach.

Áit oiriúnach don tionscadal píolóta seo is ea Mailí. Tríd an tír sin a théann imircigh ar a slí chun na hEorpa, agus is foinse thábhachtach lucht oibre do thíortha sa chomharsanacht í. Tá cónaí ar thart ar 4 mhilliún Maileach thar lear, líon ollmhór nuair a smaoinítear nach bhfuil ach 12 mhilliún acu ar fad. Scaipthe ar fud na hIar-Afraice atá a bhformhór, ach tá timpeall 200,000 ina gcónaí san Eoraip.

Ceann de na tíortha is boichte ar domhan í Mailí. Feirmeoireacht an príomhthionscal, agus cadás an barr is mó a thugann airgead isteach. Braitheann an tír go mór ar airgead a chuireann imircigh abhaile, ach slogann táillí don aistriú bainc cuid mhaith den ioncam seo. Tá an lárionad ag scrúdú bealaí chun na costais beartaíochta a laghdú.

Fairis sin, tá obair ar siúl aige le himircigh a d'fhill abhaile chun cabhrú leo socrú síos ina dtír dhúchais. Fir óga gan obair sa bhaile is ea formhór na n-imirceach. Bíonn siad imithe do thréimhsí ó roinnt míonna go blianta fada, is fágann siad mná, páistí is seandaoine i bhfeighil na feirme sa bhaile.

San Eoraip atá cónaí ar fhormhór na nAfracach atá thar lear. Ó Thuaisceart na hAfraice cuid mhaith acu, agus is ag méadú atá an líon a thagann ó thíortha fo-Shaháracha mar Mhailí.

Tá 40 duine ag obair sa lárionad is tá buiséad thart ar €10m aige. Osclóidh sé go hoifigiúil an 6 Deireadh Fómhair.

An imirce ó Mhailí - breis eolais Fraincis.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links