Cosán nascleanúna

Comhionannas: na dlíthe a chur ag obair - 29/09/2008

Fear ar chaothaoir rotha is é ag obair le séidtóirse

Aibhsíonn comhdháil faoin idirdhealú an bhearna idir na dlíthe is an cleachtas.

Tá dlíthe diana frith-idirdhealaithe ag an Eoraip ach is fada fós go mbeidh cóir chomhionann againn. Tionóladh cruinniú mullaigh comhionannais DeutschEnglishespañolfrançaisitaliano i bPáras an 29-30 Meán Fómhair, a bhí ina dheis do shaineolaithe ar chomhdheiseanna chun athbhreithniú a dhéanamh ar ar baineadh amach ó bhí feachtas frith-idirdhealaithe ar fud an AE i 2007 ann.

Tá margadh na fostaíochta fós lán d'easpaí comhionannais. Tuilleann mná 15% níos lú ná fir (25% níos lú san earnáil phríobháideach) agus is lú na poist thábhachtacha a fhaigheann siad. Níl post ach ag 50% de dhaoine faoi mhíchumas, i gcomparáid le 68% de dhaoine lánábalta. Is cloistear gearán faoi idirdhealú aoise fós ó óg is ó aosta araon.

Os comhair na ngrúpaí seo freisin bíonn idirdhealú i gcúrsaí cúraim sláinte, oideachais, leasa shóisialta agus tithíochta. I mí Iúil, mhol an Coimisiún Eorpach reachtaíocht DeutschEnglishfrançais a chuirfeadh cosaint ar fáil sna réimsí seo. Cuireann sé le dlíthe atá ann anois a choscann idirdhealú san fhostaíoch

Ach ní leor dlíthe éifeachtacha chun tabhairt faoin idirdhealú. Bhí sé mar chuspóir amháin ag an gcomhdháil taighde ar conas athrú a thabhairt ar phátrúin dhoimhne iompraíochta is ar chleachtais seanbhunaithe gairmiúla is institiúideacha.

Ní furasta i gcónaí léargas cruinn a fháil ar an idirdhealú san Eoraip. Bíonn a mbealaí éagsúla féin ag tíortha AE chun dálaí a bhailiú, rud a dhéanann an chomparáid deacair nó dodhéanta.

De réir suirbhé le déanaí, ámh, is é an t-idirdhealú ciníoch nó ar bhunús eitneach an ceann is coitianta san AE dar le hEorpaigh - agus is ag méadú atá sé. Braitear go bhfuil saghsanna eile idirdhealaithe ag ísliú (aois, inscne) nó, ar a laghad, nach ag dul in olcas atá siad (claonadh gnéasach).

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links