Cosán nascleanúna

Stop an céasadh! - 30/06/2008

Póstaer feachtais a thaispeánann airm

Tá 57 tír, ina measc 11 Ballstát AE, ag glacadh páirte i bhfeachtas chun feasacht faoi uafáis an chéasta a ardú.

Tá cosc ar an gcéasadh faoin dlí idirnáisiúnta, ach tá sé á chleachtadh go forleathan i gcuid mhaith tíortha – fiú ina measc siúd a dhaingnigh coinbhinsiún na NA in aghaidh an chéasta. Tá 400, 000 marthanóir d'éis an chéasta ina gcónaí san AE. Dídeanaithe is ea a bhformhór.

Tá an tAE tiomnaithe go daingean is go hiomlán chun tacú leis an dearbhchosc ar chéasadh, agus ar aon íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Na droch-chleachtais seo a dhíbirt, sin ceann de phríomhaidhmeanna a bheartais um chearta an duine.

Feachtas is ea “Tá an céasadh do-ghlactha” a chuireann tionscadail AE-urraithe in aghaidh an chéasta ar fud an domhain i bhfáth. A phríomhtheachtaireacht:  ní mór do gach tír bearta a chur i bhfeidhm chun an céasadh a stopadh is chun aghaidh a thabhairt ar a bhunchúiseanna. Tacaíonn sé leis na hiarrachtaí sin trí thionscadail a mhaoiniú English (en) français (fr)  ar fud an domhain.

I measc na samplaí tá foireann a earcú chun an dlí a chur i bhfeidhm, cosc a chur le soláthar uirlisí don chéasadh agus cabhrú le híospartaigh chun a mbeathaí a atógáil.  Bíonn gá ag marthanóirí le comhairliú síceolaíoch, le cabhair leighis agus dlí agus le cuidiú chun dul ar ais ag obair.   

Ní hamháin go bhfulaingíonn marthanóirí an chéasta dochar fisiciúil, ach fulaingíonn siad dochar síceolaíoch, leis, a choscann orthu filleadh ar an ngnáthshaol.  Tacaíonn an tAE le hathshlánú ó chéasadh i 41 tír ar fud an domhain, ina measc tacaíocht do lárionaid athshlánúcháin ón gcéasadh agus do líonraí i 16 thír AE.

Tá an tAE ar na deontóirí is mó sa troid in aghaidh an chéasta, agus beagnach €12m sa bhliain á thabhairt aige.  Is é "Tá an céasadh do-ghlactha" an chéad fheachtas a reáchtáil sé ar scála chomh mór. Shroich sé buaicphoine nuair a ceiliúradh lá idirnáisiúnta na NA chun tacú le híospairtaigh an chéasta, an 26 Meitheamh.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links