Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Osclaíodh catalóg an 23 Meitheamh chun comhlachtaí a chlárú ar cuspóir dóibh tionchar a imirt ar cheapadh beartais an AE.
Osclaíodh catalóg an 23 Meitheamh chun comhlachtaí a chlárú ar cuspóir dóibh tionchar a imirt ar cheapadh beartais an AE.
Bíonn teagmháil laethúil le foireann an Choimisiúin Eorpaigh – an t-aon fhoras AE atá i dteideal dlíthe nua Eorpacha a mholadh - ag na mílte ionadaithe ó chomhlachtaí chomh héagsúil le ENR-anna, cuideachtaí príobháideacha, gnólachtaí dlí agus ceardchumainn.
Déanann siad ionadaíocht ar leasanna a n-eagraíochta os comhair lucht reachtaíochta AE trí litreacha a ullmhú is a chur timpeall, páipéirí eolais nó seasaimh a ullmhú, nó imeachtaí a eagrú.
Cuid thábhachtach den chóras daonlathach is ea an bhrústocaireacht seo mar léiríonn sé do lucht ceaptha beartais an tionchar a bheidh ag a gcinntí ar chodanna éagsúla den daonra. Is cuspóir don Chlár Eorpach d'ionadaithe leasanna nua breis trédhearcachta a thabhairt isteach sa réimse seo, agus d'fháiltigh na heagrais féin ar an mórgóir roimhe.
Clárú toildheonach go hiomlán atá i gceist, ach iarrfar ar na heagrais a chláróidh a insint cé hiad féin, cad iad a gcuspóirí, agus cad iad na réimsí beartais is suim leo. Tabharfar cuireadh dóibh freisin eolas a thabhairt faoi fhoinsí a gcuid maoine chun gur léir do chách cé atá laistiar den bhrústocaireacht. Foilseofar an t-eolas go léir.
Ní mór dóibhsiúd ar mian leo cláru cód iompraíochta a shíniú a shocróidh a bplé le foireann an Choimisiúin. Cinnteoidh na rialacha go leanfaidh gach brústocaire an cód céanna is go mbeidh siad faoin iniúchadh neamhspleách céanna, agus gurb ionann nós imeachta feidhmithe agus ceaduithe dóibh. Ní bhaineann aon phribhléid le clárú seach an gealltanas go bhfaighfear r-phost nuair a sheolfaidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí.
Cuid den Tionscnamh Trédhearcachta Eorpach is ea an clár. Freagracht a ardú, agus feasacht a ardú faoi conas a chaitear buiséad an AE - sin iad a chuspóirí. Tá súil go leathnófar an clár amach anseo chun Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí a chlúdach.