Cosán nascleanúna

Bainistíocht Teorann i saol domhandaithe - 13/02/2008

Bád iascaigh le hinimircigh mhídhleathacha á thionlacan go calafort

Díreoidh pacáiste nua ar bhrúnna ón imirce is ó gháinneáil ar dhaoine – agus ar nithe a choimeád éasca do thaistealaithe dlisteanacha.

Is tábhachtaí ná riamh don AE a theorainneacha seachtracha a bhainistiú go héifeachtach, leis an leathnú anuraidh ar a limistéar Schengen gan teorainneacha agus cealú de réir a chéile ar a sheiceálacha teorann inmheánacha.  In iarracht chun é seo a bhaint amach gan cur isteach ar thaistealaithe dlisteanacha, nocht  an Coimisiún pacáiste beart an tseachtain seo. 

Ar dtús, ba cheart go laghdódh Córas nua faireachais teorann Eorpach líon na n-inimirceach a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an AE i ngan-fhios.  Tá faoin gcóras treisiú leis an slándáil inmheánach AE freisin, trí choireanna trasteorann mar an sceimhlitheoireacht, gáinneáil ar dhaoine , smuigleáil drugaí agus trádáil mhídhleathach na n-arm a chosc. 

Cuireann bearta eile béim ar thoil an AE chun básmhaireacht na n-inimirceach mídhleathach a laghdú trí níos mó acu a theasargan ar muir.  Tá breis comhoibríochtaí idir bhallstáit ar na bacáin, le gníomhaireacht teorann an AE, Frontex, ag cur lena cuid gníomhaíochta, ina  measc an fharraige a phatrólú agus gardaí náisiúnta teorann a oiliúint.  Moltar córas buan Eorpach gardaí teorann freisin.

Beidh ról ag an nuatheicneolaíocht, leis: mar shampla, córas chun iontráil agus imeacht saoránach neamh-AE a chlárú, córas leictreonach chun taisteal a údarú agus uirlisí eile bainistíochta teorann.   “Úsáidfear an teicneolaíocht is úire chun an leibhéal is airde slándála a shroicheadh", arsa Franco Frattini, coimisinéir an AE don cheartas is don tslándáil.

Breis eolais faoi ghníomhú an AE i dtaobh na hinimirce

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links