An Coimisiún Eorpach
Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna
Bronnadh gradam Mies van der Rohe 2013 don ailtireacht chomhaimseartha ar Harpa, halla ceolchoirme agus ionad comhdhála i Réicivíc, an Íoslainn.
Tá bearta nua ar na bacáin a thabharfadh ceart dlíthiúil do gach saoránach den AE cuntas bainc bunúsach a bheith aige aon áit san AE agus a shimpleodh an t-aistriú ó sholáthróir seirbhísí go soláthróir eile seirbhísí.
Tá sé iarrtha ag an gCoimisiún dul chun cinn suntasach a dhéanamh roimh chruinniú na gceannairí maidir le bailchríoch a chur ar an margadh inmheánach fuinnimh agus teacht roimh chalaois agus imghabháil cánach, fadhb atá ag éirí níos coitianta.
Faoi mholtaí nua, bhainfí na bacainní deireanacha ar dhaoine a bheith ina gcónaí, ag obair agus ag síopadóireacht pé áit ar mian leo san AE.
Tuartar go bhfillfidh an geilleagar chun fáis a dara leath de 2013. Tuartar go gcrapfaidh an OTI bhliantúil 0.1% san AE agus 0.4% i limistéar an euro, ámh.
Deis is ea lá oscailte seo na hEorpa le breathnú siar ar an méid atá bainte amach ag an AE -- agus machnamh a dhéanamh ar conas is féidir dul chun cinn. Glac páirt sna díospóireachtaí, sna himeachtaí agus sna gníomhaíochtaí don aos óg agus aosta.
Tograí nua a dhéanfadh níos éasca é d'Eorpaigh dul ag obair i dtír eile san AE.
De bharr fís-sruthú ar líne tá rogha bhreise de chláir theilifíse agus de scannáin ar fáil – roinn bhur dtuairimí linn i dtaobh cur chuige AE le go mbainfidh gach duine leas as seo.
Leis an straitéis, dhéanfaí freagairtí thíortha an AE ar an tionchar atá ag téamh domhanda ar phobail áitiúla a chomhordú.
Inniu, sa Bhruiséil, bronnfar duais ar an 27 iarrthóir a bhuaigh an comórtas aistriúcháin a eagraíonn an AE gach bliain.
Ach caighdeáin uile-Eorpacha d'éilimh chomhshaoil a bheith ann mhéadófaí muinín sa mhargadh atá ag fás do tháirgí glasa agus bheadh na siopadóiri in ann roghanna eolasacha a dhéanamh.
Ní mór do roinnt tíortha dlús a chur le hathchóirithe chun cásanna sibhialta agus tráchtála a réiteach ar bhealach éifeachtúil - rud atá fíorthábhachtach ó thaobh infheistíocht agus gnólachtaí a mhealladh.
Tá dul chun cinn á dhéanamh ag an AE ina iomláine, ach tá roinnt Ballstát fós ar gcúl agus beidh orthu níos mó a dhéanamh le bheith iomaíoch.
Dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm bheartas nua an AE i leith tíortha comharsanacha, ábhar misnigh atá sna torthaí - ach tá éagothromaíocht i gceist go fóill i dtaobh dul chun cinn maidir le hathchóirithe agus daonlathas.
Leis na tograí tosaigh bhunófaí creat do chomhtháthú níos dlúithe bhearta eacnamaíocha agus airgeadaíochta an AE.
Phléigh ceannairí an AE bearta breise le borradh a chur faoin ngeilleagar, poist a chruthú agus tacú le daoine óga atá dífhostaithe.
José Manuel Barroso, President of the European Commission, today made a presentation on "Growth, competitiveness and jobs: priorities for the European Semester 2013" to the Heads of State and Government at the European Council meeting.
Eolas níos fearr ar sheasaimh pholaitiúla na n-iarrthóirí agus a gcleamhnachtaí le páirtithe – lá toghcháin socraithe amháin – tiocfadh níos mó daoine amach le vótáil.
Tá an Coimisiún ag féachaint le tomaltóirí a chosaint agus le sláine an bhia phacáistithe a dhíoltar san AE a chinntiú. An rud atá luaite ar an lipéad, sin an rud ba cheart a bheith sa táirge.
Tá próiseas comhairliúcháin seolta ag an gCoimisiún le tuairimí a fháil faoin tslí le ciorrú ball giniúna ban agus cailíní a chosc.
Tá an AE, an deontóir is mó de chabhair ar domhan, ar thús cadhnaíochta le spriocanna nua na Náisiún Aontaithe a leagan amach le daoine a shaoradh ón mbochtaineacht agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach.
Leis na tograí seo, neartófaí rialuithe dóibh siúd atá ag teacht isteach i limistéar taistil saor ó phasanna an AE, chuirfí dlús le nósanna imeachta do chuairteoirí rialta, agus bheadh leibhéal slándála níos mó ann.
An fás eacnamaíoch ag teacht ar ais níos moille ná a rabhthas ag súil leis, de réir na réamhaisnéise is deireanaí de chuid an Choimisiúin, agus sin in ainneoin feabhas mór a bheith tagtha ar an staid ina bhfuil margadh airgeadais an AE ó bhí samhradh 2012 ann.
Tabharfar tacaíocht do Bhallstáit an AE le go gcaithfidh siad a mbuiséid leasa shóisialta ar shlí níos éifeachtaí chun na daoine is boichte a chosaint.
Ghearrfaí cáin ar thrádáil airgeadais san Ostair, sa Bheilg, san Eastóin, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa Ghréig, san Iodáil, sa Phortaingéil, sa tSlóvaic, sa tSlóivéin agus sa Spáinn.
Neartódh an pacáiste tograí dlíthe an AE maidir le sábháilteacht táirgí agus dhíreofaí ar bhagairtí nua atá ag teacht chun cinn, trí phacáiste tograí.
Leagann an straitéis amach cur chuige coiteann don AE maidir le líonraí digiteacha slána a chinntiú, coireacht ar líne a chosc agus tomhaltóirí a chosaint.
Tuairisc chothrom chruinn ar an gcomhaontú idir na Cinn Stáit agus Rialtais is ea nach comhaontú foirfe atá ann ach is bunús maith é le tabhairt faoin idirbheartaíocht le Parlaimint na hEorpa.
Tráth a bhfuil ceannairí na hEorpa ag teacht le chéile le tabhairt faoin bplé arís ar bhuiséad an AE, leag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh béim ar thábhacht an bhuiséid le tacaíocht a thabhairt do na daoine is measa atá thíos leis sa ghéarchéim eacnamaíoch.
Le duaiseanna RegioStars tugtar aitheantas do thionscadail shármhaithe arna maoiniú ag an AE.
Moltaí nua maidir le gréasáin iarnróid náisiúnta a oscailt d'iomaíocht, infheistíocht iontu a mhéadú agus breis rogha agus seirbhísí níos fearr a thabhairt do thaistealaithe.
Dá nglacfaí tograí le malairt breosla a chur chun cinn, bheadh tiománaithe in ann breosla níos glaine a fháil agus a ngluaisteáin a luchtú i mbreis stáisiún athbhreoslaithe ar fud an AE.
Tá do thuairim ag teastáil uainn faoin mbealach is fearr le táirgeadh orgánach a spreagadh san Eoraip.
Ní mór don Eoraip cur lena cuid iarrachtaí le fás agus poist a chruthú, cabhrú leo siúd is measa atá buailte ag an ngéarchéim agus dul i ngleic leis an ardú san éagothroime shóisialta.
Chothódh na bearta atá molta glúine nua fiontraithe agus chabhróidís le daoine óga, mná, daoine scothaosta, inimircigh agus daoine dífhostaithe chun a gcuid gnólachtaí féin a chur ar bun.
Cobhsaíocht gheilleagrach, fás agus poist - sin tosaíochtaí na hÉireann do na 6 mhí romhainn agus í ag glacadh le huachtaránacht an AE ón gCipir.
Má thuigeann tú do chearta mar shaoránach de chuid an AE, beidh tú in ann a sochar a thairbhiú - amhail cónaí is obair in aon áit san Aontas.
Ina phleananna do 2013 tá an Coimisiún ag díriú ar bhorradh a chur faoin bhfás san AE agus daoine a chur ar ais ag obair.
Plean nua le cosc a chur ar bhlasanna láidre a cheileann blas an tobac agus ar mhaíteachtaí míthreoracha ar nós 'éadrom' ar phacáistí toitíní.
A bhuí le huachtaráin agus príomhairí an AE tá tíortha an limistéir euro bogtha níos gaire d'aontas baincéireachta tar éis a gcruinniú deireadh bliana sa Bhruiséil an 13 Nollaig.
Feicfidh uachtaráin agus príomhairí an AE go bhfuil fís an Choimisiúin le haghaidh aontas eacnamaíoch, airgeadaíochta agus baincéireachta níos dlúithe ar an gclár nuair a thiocfaidh siad le chéile do chruinniú dheireadh na bliana sa Bhruiséil an 13 agus an 14 Nollaig.
Cailltear thart ar €1 trilliún ar imghabháil agus ar sheachaint cánach gach bliain san AE. I bplean nua spreagtar rialtais na hEorpa le gníomhú i gcomhar le smacht a chur ar chuideachtaí agus ar dhaoine nach n-íocann a gcion.
Bronnfar duais 2012 in Osló an 10 Nollaig mar aitheantas ar ról an AE le cobhsaíocht agus athmhuintearas a chur ar aghaidh san Eoraip.
Thabharfaí ráthaíocht do dhaoine dífhostaithe faoi 25 bliana d'aois go mbeadh tairiscint oibre, oideachas breise nó oiliúint ar fáil dóibh faoi bhearta atá molta ag an AE.
Fairsingeofar seirbhís post ar líne an AE trí bhreis folúntas a chur léi chun breis daoine dífhostaithe a shroicheadh.
Treoraítear an bealach go dtí comhtháthú iomlán eacnamaíoch, airgeadaíochta, buiséid agus polaitíochta.
I dteaghlaigh ar fud na hEorpa tá cinntí deacra le déanamh: cad iad na tosaíochtaí caiteachais? Cad iad na rudaí nach dteastaíonn? Cad atá tábhachtach dáiríre don todhchaí?
Cuirfear brú ar thíortha an AE na rialacha fuinnimh a chur i bhfeidhm le go dtabharfaidh an margadh an leas is mó is féidir do na tomhaltóirí.
Socraítear spriocanna do na gnólachtaí is mó san Eoraip comhionannas inscne a bhaint amach ar a gcuid bord.
Aitheantas ón AE do na cláir is fearr chun daoine scothaosta a choinneáil gníomhach ina bpobail.
Facebook Google+Twitter
EU TubeBhlaganna
An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?
Fuair Ní bhfuair
Cad a bhí uait?
An bhfuil aon mholtaí agat?