Cosán nascleanúna

Ceiliúradh ar 10 mbliana athaontú na hEorpa - 30/04/2014

Bratacha 28 Ballstát an Aontais Eorpaigh

1 Bealtaine 2014 beidh 10 mbliana ann ón uair a rinneadh an méadú ba mhó riamh ar an AE nuair a tháinig 10 gcinn de Bhallstáit nua isteach, ó Lár agus Oirthear na hEorpa a mbunús.

"Agus sinn aontaithe, is mó i bhfad ár seasamh sa domhan; agus sinn aontaithe is fearr an t-eagar atá orainn, ní hamháin chun ár leas a chosaint ach chun ár luachanna a chur chun cinn freisin," - a dúirt Uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso tráth an chomórtha stairiúil seo.

Is é a dúirt an Coimisinéir um Méadú Štefan Füle, "A bhuí le haontachas 10 mBallstát an 1ú Bealtaine 2004 táimid páirteach le chéile i gcobhsaíocht, i slándáil agus i rachmas. Aontaíodh an Eoraip arís tar éis na mblianta fada de dheighilt shaorga le linn an Chogaidh Fhuair."

Nuair a mhéadaigh an AE soir cuireadh bonn stóinseach faoin daonlathas, faoin tsaoirse agus faoin smacht reachta i gcomhair na milliún daoine a raibh cónaí orthu laistiar den Chuirtín Iarainn. Siombail dóchais agus todhchaí ní b'fhearr a bhí san aontachas leis an Aontas Eorpach do na milliúin duine.

Deich mbliana níos déanaí, tá an Eoraip níos láidre, níos saibhre agus níos sábháilte - ó thaobh polaitíochta, eacnamaíochta agus cultúir de. De thoradh an mhéadaithe tá an AE ar an margadh aonair is mó ar domhan. Le méadú ar an trádáil idir na Ballstáit tagann poist, infheistíocht agus fás nua. Neartaigh an méadú seasamh na hEorpa sa domhan. Aontas ina bhfuil 500 milliún saoránach sinn, agus éistear lenár nglór ar fud na cruinne.

Ráiteas an Uachtaráin Barroso tráth chomóradh 10 mbliana an mhéadaithe Englishfrançais (físeán)

Léigh tras-scríbhinn ráiteas an Uachtaráin Barroso English

Ráiteas an Choimisinéara Füle tráth chomóradh 10 mbliana an mhéadaithe (físeán) English

Comóradh 10 mbliana ar mhéadú an AE 2004 – na buntáistí straitéiseacha, an tionchar eacnamaíoch agus an clár oibre reatha um méadú English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links