Cosán nascleanúna

Éagsúlachtaí móra san athchóiriú atá bainte amach ag comharsana an AE - 28/03/2014

Léarscáil den Eoraip © AE

Maidir leis an mbliain 2013, tá éagsúlachtaí móra le sonrú in athbhreithniú bliantúil an AE ar na hiarrachtaí atá déanta aige athchóiriú a spreagadh i dtíortha comharsanacha ar theorainneacha thoir agus theas an Aontais.

Faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, cuireann an AE tacaíocht airgeadais ar fáil do thíortha comhpháirtíochta atá tiomanta d'athchóiriú rialtais agus geilleagair agus do thionscnaimh eile ar mhaithe le leas an phobail, m.sh. an chaimiléireacht a throid.

Tá an beartas sin dírithe ar an rathúnas, an chobhsaíocht agus an tslándáil a chur chun cinn i réigiún na Meánmhara agus in oirthear na hEorpa.

Cé go ndearnadh roinnt mhaith athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha, bhí géarchéimeanna ann in a lán tíortha – idir éagobhsaíocht pholaitiúil agus saincheisteanna slándála ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach.

A lán dúshlán

San athbhreithniú bliantúil a rinne an AE ar an gclár, tugadh aitheantas don bhunreacht nua a glacadh sa Túinéis agus d'athchóirithe a rinneadh i Maracó. Tá imní ar an AE faoin bpolarú polaitiúil, an tsaoirse tionóil agus saoirse na meán san Éigipt mar sin féin.

Tá dúshláin slándála níos measa fós le sárú ag an Libia, rud atá ag cur bac ar an bpróiseas athmhuintiris náisiúnta agus ar an gcobhsaíocht pholaitiúil. Tá an Liobáin agus an Iordáin ag streachailt leis an tionchar atá ag an gcogadh cathartha sa tSiria ar a gcórais pholaitiúla, eacnamaíocha agus shóisialta. Chuir Iosrael agus an Phalaistín tús arís le cainteanna síochána ach tá bacainní móra le sárú acu go fóill.

Dul chun cinn an-éagsúil

I measc thíortha comhpháirtíochta an oirthir, tá athruithe móra fós ag titim amach san Úcráin, athruithe a spreag agóidí a thaobhaigh le stádas comhlachais leis an AE. Fuair na hardaidhmeanna sin tacaíocht níos luaithe an mhí seo nuair a cheadaigh an AE pacáiste cúnaimh airgeadais ar fiú €11 billiún é le teacht i gcabhair ar an tír sin atá go mór i sáinn.

Cé go ndearnadh dul chun cinn sa Mholdóiv agus sa tSeoirse, bhí easpa dul chun cinn le sonrú sa Bhealarúis, agus is beag a rinneadh san Asarbaiseáin le cearta agus saoirsí bunúsacha a neartú.

Tugadh €2.65 billiún de chúnamh airgeadais do thíortha an Bheartais Comharsanachta in 2013, an ráta is airde den tréimhse 7 mbliana de mhaoiniú. Idir an bhliain 2014 agus an bhliain 2020, tabharfaidh an AE €15.4 billiún de mhaoiniú do thíortha comharsanacha. Is féidir an maoiniú sin a infheistiú i réimsí den sórt seo a leanas:

  • sábháilteacht ar bhóithre
  • iompar poiblí
  • fuinneamh in-athnuaite
  • bonneagar.

Bíonn sé níos éasca ag tíortha an Bheartais Comharsanachta trádáil a dhéanamh leis an AE agus bíonn pobail na dtíortha sin in ann taisteal níos éasca isteach san AE agus amach as. Bíonn deiseanna acu freisin dul ag staidéar san AE agus malartuithe cultúir a bhunú. Tá an próiseas fothaithe ar phleananna gníomhaíochta atá comhaontaithe le dhá thír déag as na sé thír déag atá páirteach sa Bheartas go dtí seo.

Preaseisiúint – Am cinniúnach don Bheartas ComharsanachtaPDFбългарскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Athbhreithniú ar an mBeartas Comharsanachta

Tuarascáil bhliantúil PDFEnglish

Ionad Eolais faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa Englishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links