Cosán nascleanúna

Aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna na bochtaineachta agus an chomhshaoil le chéile - 17/07/2013

Talamh tirim briste © AE

Leis an gcur chuige nua atá ag an AE chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna na bochtaineachta agus an chomhshaoil, dhéanfaí na cistí a chomhthiomsú agus na beartais a chomhordú níos fearr.

Is minic gurb iad na tíortha is boichte ar domhan is mó a bhíonn thíos le fadhbanna comhshaoil – agus is mó a fhulaingíonn siad ó éifeachtaí an athraithe aeráide.

Is minic a bhíonn bunús na bhfadhbanna sin fite fuaite ina chéile, agus bíonn tionchar ag laghdú faidhbe amháin ar an bhfadhb eile. Mar shampla, má chaomhnaítear na foraoisí agus an bhithéagsúlacht, ní amháin go gcuidíonn sé le hathrú aeráide a chomhrac, ach cuidíonn sé freisin le cinnteacht an tsoláthair bia, rud atá an-tábhachtach chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht.

Déantar cur síos i dtogra ón gCoimisiún Eorpach ar chur chuige nua atá ag an AE leis an mbochtaineacht a dhíothú agus an fhorbairt inbhuanaithe a spreagadh Englishfrançais . Tugtar aghaidh ar an dá fhadhb sa chur chuige sin.

Seo an t-am ceart le straitéis a ullmhú maidir leis an dá dhúshlán sin – 2015 an sprioc do Spriocanna Forbartha na Mílaoise Englishespañolfrançais (agus bhí díothú na bochtaineachta ar cheann de na spriocanna sin). Idir an dá linn, tá plé idirnáisiúnta ar siúl faoi láthair faoi na bearta a thiocfaidh chun cinn tar éis na comhdhála a d'eagraigh na Náisiúin Aontaithe faoi fhorbairt inbhuanaithe in 2012.

Tá an cur chuige nua bunaithe ar an méid seo a leanas:

  • ní leor an t-airgead ann féin. Beidh gá beartais a fhorbairt freisin, mar shampla, chun aghaidh a thabhairt ar bhaic atá ann
  • ba cheart gach cineál maoinithe a mheas – poiblí agus príobháideach, náisiúnta agus idirnáisiúnta
  • ba cheart do na tíortha a fhaigheann an maoiniú tosaíochtaí a leagan síos i dtaobh acmhainní idir na spriocanna éagsúla beartais atá acu
  • ba cheart sineirgíochtaí nua a chruthú le go rachaidh gach euro a chaitear ar bheartas amháin i bhfeidhm freisin ar bheartais eile
  • ba cheart do na 'geilleagair atá ag teacht chun cinn' – tíortha a bhíodh bocht ach a bhfuil borradh faoina ngeilleagair – agus 'tíortha ar mheánioncam ard' tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá i ngátar.

Déanfaidh na Feisirí agus na hairí náisiúnta na tograí sin a phlé anois. Bheadh an cur chuige i bhfeidhm ó 2016 ar aghaidh.

Tuilleadh eolais faoi obair an AE ar mhaithe leis an bhforbairt българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links