Cosán nascleanúna

Ciorrú ball giniúna ban – Cuirimis stop leis láithreach - 08/03/2013

Tá próiseas comhairliúcháin seolta ag an gCoimisiún le tuairimí a fháil faoin tslí le ciorrú ball giniúna ban agus cailíní a chosc.

Is ar chúiseanna cultúrtha, creidimh agus sóisialta a bhaintear baill ghiniúna sheachtracha, nó píosa díobh, de chailín – ní cúiseanna leighis is bunús leis.

Meastar go bhfuil na céadta míle bean ar fud na hEorpa a ciorraíodh ar an mbealach sin. Tá idir 100 agus 140 milliún bean ar fud an domhain ar cuireadh an bhail sin orthu – 90 milliún díobh san Afraic amháin. Fágann an cleachtas sin lot ar chorp agus ar intinn na mná.

Mura gcuireann rialtais – san Eoraip agus ar fud an domhain – cosc ar an gcleachtas sin déanfar an dochar céanna do chailíní agus do mhná eile.

Cé go bhfuil ciorrú ball giniúna in aghaidh an dlí in a lán tíortha, déantar i gcónaí é. Is annamh a chuirtear an dlí ar éinne, mar nach féidir cásanna a bhrath go héasca; is deacair fianaise a bhailiú agus bíonn drogall ar dhaoine tuairisc a thabhairt do na húdaráis ar chúiseanna éagsúla.

Tabhair lámh chúnta dúinn

Is féidir leat cabhrú linn deireadh a chur leis an drochnós seo san Eoraip ach roinnt ceisteanna a fhreagairt sa chomhairliúchán ar líne DeutschEnglishfrançais .

Dúradh i dtuarascáil English a foilsíodh le déanaí go bhfuil mná a ciorraíodh, nó mná atá i mbaol a gciorraithe, le fáil i dtrí thír déag ar a laghad san AE: san Ostair, sa Bheilg, sa Danmhairg, sa Ghearmáin, sa Spáinn, san Fhionlainn, sa Fhrainc, in Éirinn, san Iodáil, san Ísiltír, sa Phortaingéil, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe. Tugtar eolas freisin faoin méid atá déanta ag rialtais an AE leis an gcleachtas sin a chosc.

Mar aitheantas ar Lá Idirnáisiúnta na mBan Englishespañolfrançais an 8 Márta, cuirfidh an Coimisiún €3.7 milliún breise ar fáil do chláir an AE leis an bhforéigean ar mhná a chosc. Tabharfar €11.4 milliún eile d'eagraíochtaí sibhialta agus do ghrúpaí eile a oibríonn le mná a ciorraíodh.

Tá bearta eile á ndéanamh ag an AE le deireadh a chur le ciorrú ball giniúna ban English (agus le gach cineál foréigin ar mhná) san Eoraip agus thar lear, m.sh. tacaíocht do mhná a ciorraíodh agus atá i mbaol a gciorraithe.

Cabhraíonn an taighde a dhéanann an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne Englishlietuvių kalba go mór leis an AE a chuid acmhainní a dhíriú ar na mná sin is mó a bhfuil tacaíocht uathu.

Tuilleadh eolais faoi fhoréigean ar mhná DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links