Cosán nascleanúna

Aidhm dhúshlánach - deireadh a chur go deo le bochtaineacht dhomhanda - 04/03/2013

Fear ina sheasamh ar thalamh lom agus brat an AE mar chlóca air © AE

Tá an AE, an deontóir is mó de chabhair ar domhan, ar thús cadhnaíochta le spriocanna nua na Náisiún Aontaithe a leagan amach le daoine a shaoradh ón mbochtaineacht agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach.

Le deich mbliana anuas, tá obair ar siúl ag an AE le spriocanna arna leagan síos ag na Náisiúin Aontaithe Englishespañolfrançais a bhaint amach leis an mbochtaineacht dhomhanda a laghdú go suntasach faoi 2015. Táthar tar éis cabhrú leis na milliúin duine agus beatha daoine a shábháil, ach tá an t-uafás le déanamh fós.

Tá an Coimisiún ag iarraidh ar thíortha an AE ról ceannródaíoch a ghlacadh i bpleanáil na chéad chéime eile den iarracht dhomhanda deireadh a chur le fíorbhochtaineacht, tar éis 2015.

Tá cur chuige coiteann DeutschEnglishfrançais leagtha amach ag an AE don tsaincheist seo - an toradh a bhí ar phróiseas leathan comhairliúcháin a raibh ceannairí AE, páirtithe leasmhara agus saoránaigh an AE rannpháirteach ann.

Ba cheart iarrachtaí deireadh a chur le fíorbhochtaineacht a bheith nasctha le forbairt inbhuanaithe. Ciallaíonn sé sin, níos mó a dhéanamh chun dul i ngleic le hathrú aeráide, acmhainní atá gann, damáiste don chomhshaol agus míchothromaíochtaí sóisialta.

Moltaí le haghaidh forbartha

Ba cheart spriocanna na Náisiún Aontaithe atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta leis an bplean don tréimhse tar éis 2015 agus saincheisteanna amhail cosaint shóisialta a chuimsiú ann.

Ba cheart forbairt shóisialta agus bearta comhshaoil a bheith mar chroílár na leasuithe struchtúracha i ngeilleagair i mbéal forbartha.

Agus ní féidir forbairt chuimsitheach, inbhuanaithe a bhaint amach in aon chor gan dul i ngleic le ceisteanna ceartais, comhionannais, cothroime, cumasaithe ban agus comhionannais inscne - ar luachanna tábhachtacha iontu féin iad.

Saol cuibhiúil do chách

Ba cheart spriocanna na cabhrach forbraíochta a bheith soiléir agus uaillmhianach, agus íos-spriocanna inaitheanta a shocrú. Ba cheart féachaint freisin le mianach saoil gach duine a fheabhsú de bharr na spriocanna sin, i réimsí amhail oideachas, cothú, agus rochtain ar uisce glan agus aer glan.

Ba cheart na caighdeáin mhaireachtála sin nó caighdeáin níos airde fós a bheith ag gach fear, bean agus páiste faoi 2030.

Ní mór comhpháirtíochtaí éifeachtacha idir na rialtais, an tsochaí shibhialta agus an earnáil phríobháideach leis na spriocanna sin a bhaint amach.

Na chéad chéimeanna eile

Tá an AE ag iarraidh ar rialtais uile na mBallstát teacht ar chomhaontú ar a chomhsheasamh faoi Fhómhar na bliaina seo, nuair a thiocfaidh tíortha uile na Náisiún Aontaithe le chéile chun dul chun cinn i dtreo spriocanna forbartha reatha 2015 a chaibidil agus chun an chéad chéim eile a phleanáil.

Ba cheart comhsheasamh an AE a chomhtháthú sna hiarrachtaí domhanda le spriocanna a leagan síos do gach tír maidir le forbairt inbhuanaithe.

Tuilleadh faoi chabhair forbraíochta българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links